MU welcomes Taoiseach for celebration of 25th anniversary

Thursday, September 1, 2022 - 13:45

Taoiseach Micheál Martin today visited Maynooth University for a celebration to mark its 25th anniversary as an independent institution. The Taoiseach also officially opened the new Technology, Society and Innovation (TSI) Building, Maynooth’s landmark infrastructural development designed to enhance the University’s excellence in research, education and skills development for future generations.

Spanning 10,500 square meters, the University’s latest high tech hub will house living labs and break out rooms for interactive research; three large theatres of 500, 300 and 250-seat capacity, and research spaces for students, academics and collaboration with industry partners. It also includes a spacious outdoor plaza alongside for gatherings, cultural activities, events and performances.

This latest capital development on the University’s North Campus will help to meet the capacity needs of a rapidly growing student population, rising to 15,000 this year, from 4,000 in 1997 when Maynooth was established as an independent institution.

The €48 million TSI Building is a landmark edifice and part of an overall €57million capital development project that includes modernisation and expansion of the Arts and Sciences buildings on the University’s North Campus. The capital project was made possible by €25 million from the Government's Higher Education Strategic Infrastructure Fund announced in 2019.

Congratulating Maynooth University on its 25th anniversary and on its latest TSI building, An Taoiseach Micheál Martin, TD, stated: “I’m delighted to be here to celebrate Maynooth’s 25th anniversary and to open the new Technology, Society and Innovation Building. Maynooth has always played a pivotal role in Ireland’s education system, and its influence has grown nationally and globally, making a significant and distinctive impact on Irish society. This is a fantastic resource and innovation space for future generations to study, explore and contribute to Ireland’s workforce and innovation needs, as we move towards a digitally advanced and sustainability-focused society. Maynooth University offers important strengths in those areas and I look forward to the contributions of its graduates and its academics over the next 25 years and beyond.”

Welcoming the Taoiseach and guests, Maynooth University President, Professor Eeva Leinonen, said: “A key strength of Maynooth University is exploring the interaction between technology and humans to the benefit of society, everything from drone technology to data privacy, and climate change. So, it is incredibly fitting today, as we celebrate a quarter of a century as an independent university, that we open the Technology, Society and Innovation Building, showcasing those strengths and signifying our embrace of the future.”

Chairperson of the Maynooth University Governing Authority, Dr Mary Canning, said: “As the student population of Maynooth University expands to over 15,000, the impact of this landmark building will be of huge importance to the education of our students, and to academics and partners in advancing research and innovation. Since first established as an independent university, Maynooth has been essential in meeting the demands of a growing population across the Mid-East, Midlands and West Dublin region in particular. The increased capacity offered by the TSI Building will allow us to continue to do so well into the future.”
In line with Maynooth University’s green campus and sustainability approach, the TSI Building is heated by air source heat pumps, and includes green roofs, a solar PV array, and rainwater harvesting. Designed as a ‘Nearly Zero Energy Building’ (NZEB), the TSI Building is expected to achieve Excellence in Energy Efficiency Design (EXEED) and Building Research Establishment Environmental Assessment Method (BREEAM) “very good” certification.
 
Cuireann Ollscoil Mhá Nuad fáilte roimh An Taoiseach
chun 25 bliain ar an bhfód a cheiliúradh
 
Osclaíodh foirgneamh acadúil don Teicneolaíocht, don tSochaí agus don Nuálaíocht ar chostas €48M ag An Taoiseach Micheál Ó Máirtín mar chuid den ócáid speisialta chéanna
 
Déardaoin, 1 Meán Fómhair 2022: Thug an Taoiseach Micheál Ó Máirtín cuairt ar Ollscoil Mhá Nuad le haghaidh ceiliúrtha óir tá sí ar an bhfód mar institiúid neamhspleách le 25 bliain anuas. Ní hamháin sin ach d’oscail sé Foirgneamh na Teicneolaíochta, na Sochaí agus na Nuálaíochta chomh maith, forbairt infreastruchtúir shuntasach atá deartha chun sármhaitheas na hOllscoile sa taighde, san oideachais agus san fhorbairt scileanna a fheabhsú do na glúinte a thiocfaidh inár ndiaidh.

Ag clúdú 10,500 méadar cearnach ar an iomlán, an mol ardteicniúil is déanaí de chuid na hOllscoile a bheidh ann ina bhfeicfear saotharlanna beo agus seomraí ar leithligh don taighde idirghníomhach, trí mhórléachtlann le spás iontu le haghaidh 500, 300 agus 250 suíochán, agus spásanna taighde do na mic léinn, acadóirí agus comhoibriú le páirtnéirí tionsclaíocha. San áireamh chomh maith tá plás fairsing taobh amuigh le haghaidh cruinnithe, imeachtaí cultúrtha, ócáidí agus taispeántas.

Tiocfaidh an fhorbairt chaipitil is déanaí seo ar Campas Thuaidh na hOllscoile i gcabhair ar na riachtanais ó thaobh spáis de a bhaineann le líon na mac léinn atá ag fás go fíor-thapa, agus a bhainfidh 15,000 amach i mbliana, i gcomparáid le 4,000 sa bhliain 1997 nuair a bunaíodh Ollscoil Mhá Nuad mar institiúid neamhspleách.
Is áras suntasach é an Foirgneamh TSN ar luach €40 milliún agus feidhmíonn sé mar chuid de thionscadal forbartha caipitil ar luach €57 milliún, lena n-áirítear nuachóiriú agus leathnú ar fhoirgnimh na n-Ealaíon agus na n-Eolaíochtaí ar Champas Thuaidh na hOllscoile. Lean an tionscadal caipitil ar aghaidh mar gheall ar €25 milliún a tháinig ó Chiste Straitéiseach Infreastruchtúir Ardoideachais de chuid an Rialtais a fógraíodh sa bhliain 2019.

Agus a chomhghairdeas á ghabháil aige le hOllscoil Mhá Nuad as 25 bliain ar an bhfód agus as an bhfoirgneamh TSN úrnua, dúirt An Taoiseach Micheál Ó Máirtín: “Tá ríméad orm as bheith anseo chun 25 bliain den Ollscoil a cheiliúradh agus chun Foirgneamh na Teicneolaíochta, na Sochaí agus na Nuálaíochta a oscailt. Bhí ról ríthábhachtach ag Ollscoil Mhá Nuad i gcóras oideachais na hÉireann riamh anall, agus tá a tionchar fásta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, ag dul i bhfeidhm go mór ar shochaí na hÉireann ina bealach áirithe féin.  Acmhainn agus spás nuálaíochta iontach atá ann do na glúinte a thiocfaidh inár ndiaidh chun dul i mbun staidéir, chun dul i mbun fiosraithe agus chun cur le fórsa oibre agus riachtanais nuálaíochta na hÉireann, de réir mar a bhainimid sochaí amach dúinn féin atá forbartha go digiteach agus dírithe ar inbhuanaitheacht. Tá buanna tábhachtacha ag Ollscoil Mhá Nuad sna réimsí sin agus táim ag súil le rannpháirtíocht óna céimithe agus óna hacadóirí sa chéad 25 bliain eile agus níos faide ar aghaidh sa todhchaí ná sin.”
 
Ag cur fáilte roimh An Taoiseach agus na haíonna ar an lá, dúirt Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Eeva Leinonen: Príomhláidreacht atá againn anseo in Ollscoil Mhá Nuad ná iniúchadh a dhéanamh ar an idirghníomhú idir teicneolaíocht agus daoine ar leas na sochaí, ina gclúdaítear chuile ábhar ó theicneolaíocht drón go dtí príobháideachas sonraí agus athrú aeráide. Tá sé thar a bheith oiriúnach inniu, mar sin, agus ceathrú céid ar an bhfód mar institiúid neamhspleách á cheiliúradh againn, go n-osclaímid Foirgneamh na Teicneolaíochta, na Sochaí agus na Nuálaíochta, ag cur na láidreachtaí seo faoi bhráid an phobail agus ag aithint cé chomh tiomanta don todhchaí is atáimid.”

Dúirt an Dr Mary Canning, Cathaoirleach Údarás Rialaithe Ollscoil Mhá Nuad: “De réir mar a théann líon na mac léinn in Ollscoil Mhá Nuad in airde go dtí breis agus 15,000, beidh tionchar an-thábhachtach ag an bhfoirgneamh suntasach seo ar oideachas ár mac léinn agus ar ár n-acadóirí agus ár bpáirtnéirí le taighde agus nuálaíocht á gcur chun cinn acu. Ó bunaíodh í den chéad uair mar institiúid neamhspleách, bhí ról riachtanach ag Ollscoil Mhá Nuad chun freastal ar an méid a éilíonn an daonra atá ag fás sa Mheán-Oirthear, i Lár na Tíre agus in Iarthar Bhaile Átha Cliath.  Ciallaíonn an spás breise a thagann leis an bhFoirgneamh TSN go mbeimid in ann leanúint ar aghaidh ag freastal air mar seo ar feadh i bhfad sa todhchaí.”

Ag teacht leis an cur chuige atá ag Ollscoil Mhá Nuad ó thaobh an champais ghlais agus na hinbhuanaitheachta de, tá an Foirgneamh TSN téamhaithe ag teaschaidéil fhoinse aeir agus tá díonta glasa, eagar gréine fótavoltach, agus bailiú báistí ann. Deartha mar ‘Fhoirgneamh Nach Mór Neodrach ó Thaobh Funnimh’, ceaptar go mbainfidh an Foirgneamh TSN teastas “an-mhaith” amach don Sármhaitheas sa Dearadh Éifeachtúlachta Fuinnimh agus don Mhodh Measúnachta Timpeallachta ar Thógaint na bhFoirgneamh Taighde.