Maynooth University named among top 50 young universities in the world

Wednesday, June 26, 2019 - 20:00

Irish version

Maynooth University has today been recognised again as one of the leading new universities in the world with Times Higher Education (THE) ranking it #50 in its latest Young University Rankings, climbing from the position of #80 in 2018. The ranking is the highest position achieved by an Irish university this year.
 
The Young University Rankings are based on a range of criteria including research income achieved, reputation for teaching, numbers of PhDs awarded, the number and quality of scholarly papers and citations from staff and numbers of international staff and students.
 
Commenting on the new ranking, Maynooth University President, Professor Philip Nolan, said: “At a time when Irish universities operate with very constrained resources and significant underfunding, it is particularly encouraging for Maynooth University to be recognised among the top young universities in the world. Since becoming an independent university in 1997, MU has nearly tripled its enrolment to 13,000 students to become the fastest growing university in Ireland and has solidified its reputation as a place where internationally significant research and an innovative approach to teaching go hand in hand.
 
“Maynooth has seen its share of first preferences grow in the CAO year on year. We have an international reputation in our areas of research strength, the most popular BA degree in the country, exceptional programmes in science and engineering, and a suite of post-graduate courses that help individuals advance their careers. Maynooth University graduates leave our campus with a unique perspective on the world and well-developed critical skills of writing, oral communication, and evidence-based analysis. They have a chance to work with our globally recognised research academics, who are tackling some of society’s most pressing problems, and they get involved in other experiential learning activities such as service learning, sport or study abroad.”
 
“MU graduates go on to make amazing contributions in a variety of industries and sectors, becoming entrepreneurs and teachers, professionals and pharmaceutical researchers, CEOs and relief workers, engineers and policymakers,” Prof Nolan added. “I’m delighted with the THE Young University Rankings because they reflect the progressive, ambitious and innovative place that is Maynooth University."
 
In addition to being named in THE’s Top 50 Under 50, Maynooth University is recognised among the top 400 universities in the world, the top 200 European universities, and as one of the top 200 universities for international connections and outlook.

OLLSCOIL MHÁ NUAD AINMNITHE I MEASC AN 40 OLLSCOIL IS FEARR AR DOMHAN FAOI 50 BLIAIN D’AOIS, #1 IN ÉIRINN

Is mar chuid de fhás treochta ó thaobh na cáile de d’OMN é an fógra seo ó Times Higher Education
26 Meitheamh, 2019:
Aithníodh Ollscoil Mhá Nuad arís inniu mar cheann de na príomhollscoileanna óga ar domhan tar éis don Times Higher Education (THE) í a rangú ag #50 i Rangú na nOllscoileanna Óga, ag dreapadh ó #80 sa bhliain 2018. Is é an rangú seo an áit is airde atá bainte amach ag aon ollscoil in Éirinn i mbliana.

Tá Rangú na nOllscoileanna Óga bunaithe ar réimse critéar lena n-áirítear ioncam a bailíodh ó thaighde, an clú atá ar theagasc, líon na ndochtúireachtaí a bronnadh, líon agus caighdéan na bpáipéar scolártha agus na ndeismireachtaí ó bhaill foirne agus líon na mball foirne agus na mac léinn idirnáisiúnta.  

Ag caint ar an rangú nua, dúirt Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Pilib Ó Nualláin: “Le linn na tréimhse seo nuair atá ollscoileanna in Éirinn ag feidhmiú le hacmhainní atá thar a bheith srianta agus le tearcmhaoiniú suntasach, is spreagúil an rud é go bhfuil Ollscoil Mhá Nuad tar éis bheith aitheanta i measc na n-ollscoileanna óga is fearr ar domhan. Ó bunaíodh mar institiúid neamhspleách í sa bhliain 1997, tá líon na mac léinn ar rolla méadaithe faoi thrí go 13,000 mac léinn sa chaoi gurb í Ollscoil Mhá Nuad an ollscoil a bhfuil an borradh is mó ag teacht uirthi in Éirinn agus tá a cáil deimhnithe mar áit a théann taighde ar thábhacht idirnáisiúnta agus cur chuige nuálach ó thaobh an teagaisc de lámh is lámh le chéile.

“Tá líon a céadroghanna sa Lár-Oifig Iontrála fásta bliain i ndiaidh bliana. Tá cáil idirnáisiúnta sna réimsí taighde is láidre dúinn, an Baitsiléir Ealaíon a bhfuil an t-éileamh is mó air sa tír, sárchláracha san eolaíocht agus innealtóireacht agus fuíollach cúrsaí iarchéime a chabhróidh le daoine a saolta gairmiúla a chur chun cinn againne. Fágann céimithe Ollscoil Mhá Nuad ár gcampas le dearcadh aonaránach ar an domhan timpeall orthu agus le scileanna criticiúla sa scríbhneoireacht, sa chumarsáid bhéil agus san anailís atá bunaithe ar fhianaise. Bíonn an deis acu dul i mbun oibre lenár dtaighdeoirí acadúla atá aitheanta ar fud an domhain, agus iad ag dul i ngleic le roinnt de na fadhbanna is práinní inár tsochaí, agus bíonn siad ag foghlaim ó thaithí le gníomhachtaí éagsúla lena mbaineann siad, foghlaim sheirbhíse, spórt agus staidéar thar sáile ina measc.”

“Tá céimithe de chuid Ollscoil Mhá Nuad tar éis rudaí dochreidte a bhaint amach i roinnt mhaith tionscal agus earnálacha eagsúla, agus iad ina bhfiontraithe agus ina múinteoirí, ina ndaoine gairmiúla agus ina dtaighdeoirí cógaisíochta , ina bpríomhoifigigh fheidhmiúcháin agus ina n-oibrithe faoisimh, ina n-innealtóirí agus ina ndéantóirí beartais, a luaigh an tOllamh Ó Nualláin. “Tá ríméad orm le Rangú na n-Ollscoileanna Óga mar léiríonn sé gur áit fhorásach, uaillmhianach agus nuálach í Ollscoil Mhá Nuad.”

Ní amháin go bhfuil sí ainmnithe sa 50 is Fearr faoi 50 ach tá Ollscoil Mhá Nuad aitheanta i measc an 400 ollscoil is fearr ar domhan , an 200 ollscoil Eorpach is fearr agus an 200 ollscoil le nascanna agus dearcadh idirnáisiúnta is fearr.