Tá Lárionad na Gaeilge an-sásta a fhógairt go bhfuil ball foirne dár gcuid, Sailí Ní Dhroighneáin, sásta a saineolas ar an amhránaíocht ar an sean-nós a roinnt le pobal na hOllscoile. Beidh na ceardlanna ar siúl ó 1-2pm ó 9 Samhain. Is cainteoir dúchais Gaeilge agus amhránaí sean-nóis as ceantar an Spidéil i gCo. na Gaillimhe í Sailí. Tá an-suim aici sna hamhráin sean-nóis agus tá taithí aici ar a bheith ag reáchtáil ceardlann agus ag tabhairt léachtaí ar an ábhar sin. Chomh maith leis sin, d’éirigh léi an chéad áit san amhránaíocht sean-nóis a bhaint amach i bhFleadh Cheoil na Gaillimhe, Chonnacht agus na hÉireann sa bhliain 2014.
Is éard atá i gceist aici a dhéanamh san uair an chloig seo ná plé a dhéanamh ar dtús ar chúlra an tsean-nóis agus ansin díriú ar amhráin faoi leith agus cleachtadh a dhéanamh le chéile ar na hamhráin sin má bhíonn fonn ar dhaoine!
Má tá suim agat a bheith páirteach sna ceardlanna seo , cuir ríomhphost chuig [email protected]. Tá teorainn le líon na spásanna.
The Centre for Irish is pleased to announce that our colleague Sailí Ní Dhroighneáin will run lunchtime workshops ón sean-nós singing (traditional Irish language singing) for University staff and students, commencing Wednesday, 1-2pm, 9 November. Sailí is a native Irish speaker and sean-nós singer from Spiddal, Co. Galway, who has a keen interest in sean-nós singing and has both facilitated workshops and delivered lectures on the topic. She won first place in the Galway, Connacht and the All-Ireland Fleadh Cheoil sean-nós singing competitions in 2014.
These workshops will give participants a chance to explore the history of sean-nós singing and songs, and indeed sing them together if people are so inclined!
If you’re interested in taking part, please email [email protected]. Spaces are limited.
Ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós do bhaill foirne agus do mhic léinn/ Traditional singing workshops for staff and students
ToggleCeardlanna amhránaíochta ar an sean-nós do bhaill foirne agus do mhic léinn/ Traditional singing workshops for staff and students
Wednesday, November 9, 2016 - 13:00 to 14:00
Seomra na Gaeilge (Le deimhniú/To be confirmed)