Experience More with the Experiential Learning Office
Taithí níos leithne a fháil leis an Oifig um Fhoghlaim ó Thaithí
Tá sé mar aidhm ag an Oifig um Fhoghlaim ó Thaithí an t-eispéireas oideachais d’fhochéimithe a shaibhriú, agus deis a chur ar fáil do mhic léinn OMN taithí níos leithne a fháil ón gclár céime trí eispéiris foghlama a mbíonn tionchar suntasach acu ar an mac léinn a fhorbairt agus a chothú. Eispéiris laistigh agus lasmuigh den seomra ranga a bhíonn i gceist agus bíonn mic léinn gníomhach ina gcuid foghlama. Cuirtear na heispéiris oideachasúla dhinimiciúla seo ar fáil i gcomhpháirtíocht le hoideoirí acadúla, fostóirí agus comhpháirtithe pobail. Cruthaítear nasc idir an t-ábhar sa seomra ranga agus taithí saoil agus cuirtear ar chumas mhic léinn OMN fás agus forbairt a dhéanamh san eolas, sna scileanna agus sna hinniúlachtaí a theastaíonn don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don rath sa todhchaí. Bíonn an deis ag mic léinn a bheith rannpháirteach i réimse leathan de thaighde, obair, ceannaireacht agus deiseanna seirbhíse domhanda agus pobail.