Welcome to the Maynooth University Office of the Dean of Teaching and Learning

The Dean of Teaching and Learning provides leadership for the University in the key areas of the development of teaching and learning and the supports for students in learning. This includes overseeing the development of a co-ordinated suite of critical skills courses for first year students, a range of elective courses for undergraduate students, advisory, guidance and peer mentoring supports for students, and experiential learning and co-curricular activities including service learning and work placements.
The Office of the Dean of Teaching and Learning supports teaching and learning across the university, coordinating the work of
 

  • Centre for Teaching and Learning 
  • Student Skills and Success
  • Careers and Employability Service
  • Student Success
  • Centre for Interdisciplinary Studies 
  • Academic Advisory
  • Programme Advisory Office
  • Student Engagement Office
  • Academic Writing Centre

while assuming direct responsibility for certain interdisciplinary courses currently under development involving multiple departments.
As part of our curriculum initiative we have comprehensively redesigned our undergraduate education, building on its existing strengths while introducing promising new features and much greater flexibility with the aim of better preparing students for the many opportunities and challenges they will encounter throughout their lives and in their places of work. 
 
Fáilte chuig Oifig Dhéan an Teagaisc agus na Foghlama, Ollscoil Mhá Nuad

Cuireann Déan an Teagaisc agus na Foghlama ceannaireacht ar fáil don Ollscoil sna réimsí tábhachtacha seo a leanas: forbairt a dhéanamh ar theagasc agus ar fhoghlaim agus ar na tacaíochtaí atá ar fáil do mhic léinn agus iad i mbun foghlama. Mar chuid den obair seo, déantar maoirseacht ar an bhforbairt ar chúrsaí do mhic léinn na chéad bliana, cúrsaí a dhíríonn ar scileanna criticiúla. Déantar maoirseacht ar an bhforbairt ar chúrsaí toghthacha do mhic léinn fochéime, ar thacaíochtaí  a bhaineann le comhairle, le treoir agus le piarmheantóireacht, ar fhoghlaim ó thaithí agus ar ghníomhaíochtaí comhchuraclaim lena n-áirítear oiliúint sa láthair oibre agus socrúcháin oibre.
Tacaíonn Oifig Dhéan an Teagaisc agus na Foghlama le teagasc agus le foghlaim ar fud na hOllscoile. Déantar comhordú ar:

  • an obair a bhíonn ar siúl ag an Ionad Teagaisc agus Foghlama  
  • an obair a bhíonn ar siúl ag an Ionad Forbartha Gairmeacha  
  • Shocrúchán oibre  
  • Fhoghlaim ó Thaithí​  
  • an tIonad um Staidéar Idirdhisciplíneach

Tá an Oifig freagrach go díreach as cúrsaí idirdhisciplíneacha ar leith atá á bhforbairt ag cúpla Roinn.
Mar chuid dár dtionscadal curaclaim tá athdhearadh cuimsitheach déanta ar ár n-oideachas fochéime. Chuireamar lena láidreachtaí, chuireamar gnéithe nua leis agus chuireamar tuilleadh solúbthachta ar fáil. Tá sé mar aidhm againn ullmhúchán níos fearr a chur ar fáil do mhic léinn le cinntiú go mbeidh siad réidh do na deiseanna agus do na dúshláin a sheasfaidh rompu le linn a saolta agus san Ionad Oibre.