Dochtúireacht Bronnta ag Ollscoil Mhá Nuad ar Emily Logan agus ar William Desmond

Wednesday, October 28, 2015 - 15:00

Inniu, bhronn Ollscoil Mhá Nuad dochtúireachtaí oinigh ar bheirt a bhfuil comaoin curtha acu ar shochaí na hÉireann – An tOllamh William Desmond, fealsamh a bhfuil meas air i mbaile agus i gcéin; agus Emily Logan, atá ina céad Phríomhfheidhmeannach ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Bronnadh na dochtúireachtaí oinigh le linn searmanais inar bronnadh céimeanna agus iarchéimeanna ar os cionn 1,150 mac léinn de chuid 1,150 Ollscoil Mhá Nuad.

Thréaslaigh Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Philip Nolan, a gcuid éachtaí leis na céimithe go léir. Luaigh sé cé chomh hoiriúnach is atá na dochtúirí oinigh d’éiteas na hollscoile agus dá ról sa domhan.

“Sártheagasc agus taighde den chéad scoth atá mar dhúshraith faoi chúrsaí Ollscoil Mhá Nuad, cúrsaí a ullmhaíonn ár gcuid mic léinn don saol agus don fhostaíocht. Tá meitheal taighdeoirí anseo ar mian leo cur le stór eolais an domhain agus tionchar dearfach a bheith acu ar an saol – díreach ar nós na beirte a bhfuilimid ag tabhairt ómóis dóibh inniu. Tá comaoin curtha ag William Desmond ar an léann agus ar an bhfealsúnacht chomhaimseartha. Tá sé ina ambasadóir don smaointeoireacht Éireannach i dtíortha thar sáile. Shaothraigh Emily Logan, ar feadh a saoil oibre, ar son na ndaoine is leochailí sa tsochaí. Mar gheall ar a cuid oibre, tá feabhas mór curtha ar chearta leanaí.”

Bronnadh Dochtúireacht Litríochta (DLitt), honoris causa ar William Desmond agus Dochtúireacht Dlí (LLD), honoris causa ar Emily Logan.

Is iad na príomhréimsí ina saothraíonn William Desmond ná an mheitifisic, an eitic, an aeistéitic, agus fealsúnacht an reiligiúin. Tá 12 leabhar fealsúnachta foilsithe aige, lena n-áirítear Being and the Between, a bhuaigh Prix Cardinal Mercier agus Duais J.N. Findlay. Tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag an Ollamh Desmond as a chuid oibre ar fhealsúnacht Hegel; bhí sé seal ina uachtarán ar Chumann Hegel Mheiriceá agus ar Chumann Meitifisice Mheiriceá. Faoi láthair, tá sé ina Ollamh Fealsúnachta agus ina Stiúrthóir ar an gClár Idirnáisiúnta ag K.U. Leuven sa Bheilg. Chaith sé seal ag teagasc i gColáiste Loyola in Maryland, áit a raibh Ollúnacht Higgins san Fhealsúnacht aige, agus in Ollscoil Mhá Nuad.

Rinne an tUachtarán Michael D. Higgins Emily Logan a cheapadh ina céad Uachtarán ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ar an 31 Deireadh Fómhair, 2014. Sula ndearnadh an ceapachán sin bhí an tUasal Logan ar an gcéad Ombudsman Leanaí a bhí riamh in Éirinn. Le linn di a bheith san oifig sin, chuir sí iniúchadh cuimsitheach ar siúl ar conas a chomhlíonann an stát a chuid dualgas maidir le cosaint leanaí. Shaothraigh sí chun feabhas a chur ar chearta leanaí gan chúram tuismitheoirí. Rinne sí seasamh faoi leith ar son leanaí atá faoi chúram an stáit, leanaí scartha agus leanaí ar baineadh a saoirse phearsanta díobh. Sa bhliain 2008, rinne a comhghleacaithe í a cheapadh ina hUachtarán ar Líonra Eorpach na nOmbudsmen do Leanaí agus d’fhóin sí ar choiste feidhmiúcháin na heagraíochta sin go dtí Meán Fómhair 2011.

Tá os cionn 10,000 mac léinn in Ollscoil Mhá Nuad, an ollscoil is tapúla fás in Éirinn. Go deimhin, tá a dhá oiread mic léinn ann inniu seachas mar a bhí in 1999. Ollscoil Mhá Nuad a bhí chun tosaigh ar ollscoileanna na hÉireann in 2012, 2013, agus 2014 maidir le líon na n-alt ar na hirisí acadúla is gradamaí, is é sin an 1% is mó a mbítear ag tagairt dóibh. Bhí Ollscoil Mhá Nuad sa dara háit as measc seacht n-ollscoil Éireannach ó thaobh líon na gcéimithe PhD in aghaidh gach 10 den fhoireann acadúil. De réir suirbhé a chuir Study Portals i gcrích le déanaí, bhí Ollscoil Mhá Nuad ar an ollscoil ba mhó san Eoraip a raibh mic léinn eachtrannacha sásta inti.