Minister Mitchell O’Connor announces €2.4m research investment for Maynooth University

Thursday, August 4, 2016 - 14:30

Irish Version

How can we manage our cities in the 21st century?  The world’s major cities are becoming  larger and more complex, with different systems for transport, infrastructure and people that all create  challenges that if not addressed will see economic stagnation and increasingly frustrated city dwellers.   A major problem is that planners and citizens cannot cope with the data that smart cities generate. 

To solve this, Minister for Jobs, Enterprise & Innovation, Mary Mitchell-O’Connor TD announced a €2.4million award to a team of scientists from Maynooth University who will work with Cork and Dublin City Councils and others to build more extensive and effective city dashboards. The award is through the Science Foundation Ireland investigators programme that supports world class research in priority areas deemed to be at the pinnacle of scientific excellence.

Professor Chris Brunsdon, the lead investigator explained: “This project tackles three sets of fundamental problems:  managing complex data; showing information in a useable way; and  analysing or modelling data to support policy. These are some of the biggest problems in data science today and are areas in which Maynooth University researchers are global leaders”.

Professor Rob Kitchin added that the team was confident of success: “We have already built a Dublin Dashboard which anyone can access (www.dublindashboard.ie).  Dubliners are using this to discover more about their services, while planners use it to improve delivery of the myriad of civic services.  This project will allow us to solve tricky and fundamental data questions, but it will influence dashboard development globally.  Cork will be the first city to see the benefit of this new work”

Martin Charlton, of Maynooth University’s National Centre for Geocomputation, noted that  “city dashboards are also important because they enable start up and small companies to create new innovative products.  Our research will support the creation of an open data economy in Ireland by opening up of real-time and public administration data, along with open source code and analytics necessary for Ireland’s economic development.”
 
The Maynooth project brings together expertise from computer science, spatial statistics, geocomputation, and multimedia with local authorities and other agencies.  It will employ up to twelve people with skills in data analytics and visualisation.  Maynooth University is the national leader for industry-academic collaboration and publication, and is placed 68th in the world in the 2016 Times Higher Education ranking of young Universities.

Ends

Contact: Communications Office Maynooth University 01 708 6160

Infheistíocht i dtaighde ar fiú €2.4m í fógartha ag an Aire Mitchell O’Connor d’Ollscoil Mhá Nuad

chaoi ar féidir linn bainistíocht a dhéanamh ar ár gcathracha san 21ú haois? Tá príomhchathracha an domhain ag dul i méid agus ag éirí níos casta le córais éagsúla d’iompar, do bhonneagar agus do dhaoine. Cruthaíonn na córais seo dúshláin ar leith. Mura dtugtar aghaidh orthu, beidh marbhántacht eacnamaíoch le feiceáil agus beidh muintir na cathrach níos míshásta. Ní féidir le pleanálaithe agus le saoránaigh déileáil leis na sonraí a ghineann cathracha cliste agus is fadhb ollmhór é.

Tá dámhachtain ar fiú €2.4 milliún í fógartha ag an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell-O’Connor TD, chun an fhadhb seo a réiteach. Bronnadh an dámhachtain ar fhoireann eolaithe ó Ollscoil Mhá Nuad. Oibreoidh na heolaithe i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chathair Chorcaí, le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus eile, le deaiseanna cathracha níos mó agus níos éifeachtaí a chruthú. Bronnfar an dámhachtain trí chlár do thaighdeoirí atá curtha ar fáil ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann. Tacaíonn an clár seo le taighde den scoth sna réimsí tosaíochta is tábhachtaí i gcúrsaí eolaíochta.
Mhínigh an tOllamh Chris Brunsdon, an príomhthaighdeoir, an scéal: “Téann an tionscadal seo i ngleic le bunfhadhbanna i dtrí ghrúpa éagsúil; bainistíocht a dhéanamh ar shonraí casta, faisnéis a chur in in iúl ar bhealach atá inúsáidte; agus anailís a dhéanamh ar shonraí nó sonraí a mhúnlú le tacú le beartas. Tá na ceisteanna seo i measc na bhfadhbanna is mó in eolaíocht sonraí sa lá atá inniu ann agus tá taighdeoirí Ollscoil Mhá Nuad go mór chun tosaigh sna réimsí seo ar bhonn domhanda.”

Chuir an tOllamh Rob Kitchin leis an méid sin. Dúirt sé go raibh sé muiníneach go mbeadh rath ar an bhfoireann: “Tá Deais Bhaile Átha Cliath tógtha againn cheana féin agus is féidir le duine ar bith teacht uirthi (www.dublindashboard.ie). Baineann muintir Bhaile Átha Cliath úsáid aisti le teacht ar eolas breise maidir lena seirbhísí. Baineann pleanálaithe úsáid aisti le feabhas a chur le seirbhísí cathartha a chur ar fáil. Tabharfaidh an tionscadal seo deis dúinn teacht ar réiteach  ar cheisteanna casta agus ar cheisteanna bunúsacha a bhaineann le sonraí. Beidh tionchar aige ar an bhforbairt a dhéanfar ar dheaiseanna ar bhonn domhanda. Feicfidh Corcaigh na buntáistí a bhaineann leis an obair nua seo roimh aon chathair eile.”

Dúirt Martin Charlton, Lárionad Náisiúnta Geoiríomhaireachta Ollscoil Mhá Nuad, “go bhfuil na deaiseanna cathracha an-tábhachtach toisc go dtugann siad an deis do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí beaga táirgí nua agus nuálacha a chruthú. Tacóidh ár dtaighde le geilleagar sonraí oscailte a chruthú in Éirinn trí shonraí fíor-ama agus trí shonraí a bhaineann le riarachán poiblí a chur ar fáil mar aon le cód foinse oscailte agus leis an anailísíocht a theastaíonn ó fhorbairt gheilleagrach na hÉireann.”

Tugann tionscadal Mhá Nuad saineolas ó ríomheolaíocht, staitistic spásúil, geoiríomhaireacht agus ilmheáin le chéile le húdaráis áitiúla agus le gníomhaireachtaí eile. Fostófar suas le dáréag a bhfuil scileanna acu in anailís a dhéanamh ar shonraí agus i léirshamhlú. Tá Ollscoil Mhá Nuad chun tosaigh go náisiúnta maidir le comhoibriú a dhéanamh le comhpháirtithe acadúla agus le tionsclaíocht, agus ó thaobh foilseachán de. Tá Ollscoil Mhá Nuad rangaithe sa 68ú háit ar domhan i ranguithe Times Higher Education 2016 ar Ollscoileanna óga. 

Déan teagmháil le: Oifig Cumarsáide Ollscoil Mhá Nuad 01 7086160