The launch of COMHARTaighde: the first peer-reviewed electronic journal in Modern Irish scholarship/ Seoladh COMHARTaighde: an chéad ríomhiris phiarmheasta do Léann na Gaeilge

Thursday, December 3, 2015 - 16:30

Tréimhseachán bliantúil is ea COMHARTaighde a chuirfidh saothar scolártha ardchaighdeáin ar fáil do phobal na Gaeilge ar fud an domhain i réimsí éagsúla de léann na Nua-Ghaeilge. D’fhonn freastal ar an bpobal is leithne, tá an iris á foilsiú ar bhonn saor-rochtana trí mheán an idirlín. Fóram nua piarmheasta atá á sholáthar aici do thaighdeoirí  agus tá an togra ag eascairt as traidisiún fada na hirise míosúla Comhar mar láthair smaointeoireachta agus as bunfhealsúnacht na hirise agus na heagraíochta maidir le scaipeadh thorthaí an léinn ar an bpobal is leithne. D’fhonn na caighdeáin idirnáisiúnta is airde a bhaint amach, tá an tionscadal á chur i gcrích i gcomhpháirt le foireann scoláirí as institiúidí éagsúla léinn in Éirinn agus thar lear. Sa chéad eagrán, tá saothar cúig alt agus réimse léirmheasanna ar leabhair nua-fhoilsithe acadúla.
 
I measc na scríbhneoirí san eagrán seo, tugann Deirdre Ní Chonghaile, Aingeal Ní Chualáin, Proinsias Ó Drisceoil, Tadhg Ó Dúshláine agus John Walsh & Bernadette O’Rourke aghaidh ar léann an cheoil, an litríocht chomhaimseartha, taighde reatha ar an tsochtheangeolaíocht, léargas ar stair na foilsitheoireachta Gaeilge sa naoú haois déag agus san fhichiú haois. Cuirtear ábhar il-mheán le saothar sa chur chuige seo, rud a chuireann, agus a chuirfidh, ar chumas an scríbhneora saineolas a n-alt a léiriú i gceart os comhair an phobail léitheoireachta.   
 
Is féidir gach alt a fhoilsítear sa ríomhiris (i) a léamh ar líne, mar leathanach gréasáin; nó (ii) a íoslódáil i bhformáid PDF. Is féidir ailt ar an suíomh gréasáin a léamh ar chineálacha éagsúla gléasanna, idir ríomhairí deisce agus ghléasanna móibíleacha, agus is féidir leas a bhaint as saoráidí éagsúla cuardaigh agus brabhsála. Tá beartais éagsúla i bhfeidhm le go ndéanfar ailt COMHARTaighde a innéacsú i mbunachair chuí acadúla ar líne freisin.
 
Is deas rannpháirtíocht Ollscoil Mhá Nuad a aithint sa togra nuálaíoch seo, idir chúram na heagarthóireachta, agus na comhairleoireachta teicniúla agus chúram na scríbhneoireachta leis an alt ón Dr Ó Dúshlaíne, chomh maith leis an Ollamh Ruairi Ó hUiginn a bheith ar an mbord comhairleachta eagarthóireachta idirnáisiúnta de chuid na ríomhirise.  
 

COMHARTaighde is an annual periodical that will make scholarly work in the Irish language available across the world in particular areas of Modern Irish scholarship. In order to serve the widest readership, the journal is being published as an open-access journal through the internet. This is a new peer-reviewed forum for Irish language academic and researchers, and the project stems from the long tradition of the monthly magazine Comhar as a place for critical thinking. The basic philosophy of the magazine and the organisation, has always been to publish to the widest readership possible.
 
In order to reach the highest international standard, this project is being undertaken in conjunction with a team of scholars from various scholarly institutes in Ireland and from overseas. The first edition contains the work of five articles and a range of reviews of newly-published academic works. Amongst the authors in this issue, Deirdre Ní Chonghaile, Aingeal Ní Chualáin, Proinsias Ó Drisceoil, Tadhg Ó Dúshláine, John Walsh and Bernadette O’Rourke approach a variety of different topics including music scholarship within Modern Irish, contemporary literature, current research in sociolinguistics, and insights into the history in Irish language publishing in both the 19th and 20th centuries. Muilt-media material is available through the electronic nature of the journal which better enables the writer to demonstrate their speciality in the eyes of the reading public.  
 
Each article in the journal can be read online as a web-page or can be downloaded in PDF format. The webpages can be read on types of electronic devices. COMHARTaighde is also indexed in a range of different electronic academic databases.
 
It is appropriate to acknowledge the role of Maynooth University in this innovative project, from both the editorial and technical consulting roles and the writing input with Dr Ó Dúshláine’s article, in addition to Professor Ruairí Ó hUiginn functioning on the international editorial advisory board.    
 

 
Cathal Goan, Cathaoirleach COMHAR Teo., An Dr Liam Mac Amhlaigh, An Dr Regina Uí Chollatáin (a sheol an iris; who launched the journal).  ​

Editors/Eagarthóirí: An tOllamh Máirín Nic Eoin, An Dr Liam Mac Amhlaigh, An Dr Máírtín Coilféir, with/le Ronan Doherty, Technical consultant/comhairleoir teicniúil