Fire in the Blood (RTÉ) – An Dr Máire Nic an Bhaird ag labhairt faoi Dhubhghlas de hÍde.

Thursday, March 10, 2016 - 16:30

Tá an Dr Máire Nic an Bhaird (Maynooth University) ag obair in éineacht leis an Ollamh Liam Mac Mathúna (UCD) ar Dhubhghlas de hÍde. Tá na dialanna a scríobh de hÍde á gcíoradh acu faoi láthair mar aon le litreacha, pictiúir, nuachtáin, leabhar gearrthóg agus cartúin. Tá teacht ar na dialanna seo sa Leabharlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. Labhair an Dr Máire Nic an Bhaird faoin taighde seo ar an gclár teilifíse Fire in the Blood  (RTÉ). Tá 4 chlár sa tsraith seo agus iad bunaithe ar Athbheochan na Gaeilge.  

http://www.rte.ie/player/ie/show/fire-in-the-blood-30003900/10541407/