Minister Mitchell O’Connor announces €2.3mn research investment for Maynooth University

Monday, February 13, 2017 - 14:15

Irish Version
Minister for Jobs, Enterprise & Innovation, Mary Mitchell O’Connor, TD, together with Minister for Training, Skills and Innovation John Halligan, TD, today announced €2.3million investment by Science Foundation Ireland in research at Maynooth University.
 
Dr Neil Trappe, Department of Experimental Physics is awarded €680,000 for development of a high frequency Terahertz measurement and characterisation facility; and Dr Tim McCarthy, National Centre for Geocomputation is awarded €315,000 for the development of an imaging and sensor pod for drones and light aircraft.  A further €1.3mn is awarded for research infrastructure. 
 
Dr Trappe will establish a Centre of Excellence in high frequency terahertz (THz) measurement which will facilitate the development of future 5-6G communication systems; beyond current 4G communication networks, higher frequency terahertz wireless networks will offer extraordinary data capacity rates.
 
Dr McCarthy is developing an imaging and sensor pod for drones and light aircraft, which will enable the development of decision support services for better management of our natural resources, transportation, energy and communication services, as well as for monitoring longer-term climate-change impacts.
 
The investment is part of €47.4 million announced for 36 research infrastructure and facilities projects.
 
Announcing the awards, Minister Mary Mitchell O’Connor, said; “Today’s investment in infrastructure by Science Foundation Ireland is an investment in the future of research and development in Ireland. It forms a key part of implementing our science and technology strategy – Innovation 2020. Top quality infrastructure combined with our talented workforce further increases Ireland’s appeal in the global market. Industry partners will directly benefit from the enhanced infrastructure through opportunities such as international partnerships and collaborations facilitated by Science Foundation Ireland researchers in our Higher Education Institutions.”
 
Commenting on the awards, Minister John Halligan, said; “Today’s announcement of this investment by Science Foundation Ireland will support the installation of world-class research infrastructure at both a national and regional level.  Such top-class facilities and equipment are essential for Ireland to attract investment and talent to our regions, and to train a highly skilled and innovative workforce.”
 
The SFI Research Infrastructure Programme provides research groups with necessary equipment and facilities for the performance of high quality, impactful and innovative research. The programme ensures Irish researchers have the capacity to apply for international funding opportunities including the Horizon 2020 funding calls. Additionally, the programme enables Higher Education Institutes to purchase smaller infrastructure through a value-for-money incentive, including auctions and vendor negotiations.
 
Commenting on the investment, Prof Mark Ferguson, Director General Science Foundation Ireland and Chief Scientific Adviser to the Government of Ireland explained, “Continuous investment and improvement of research infrastructure is vital to ensure Ireland remains at the forefront of scientific research and development. Providing researchers with access to the best tools and facilities contributes to the high standard of research which can be performed here.  Science Foundation Ireland is delighted to support Irish researchers by providing them with facilities and equipment which enable them to keep exploring the frontiers of STEM research, and to progress their discoveries towards practical implementation.”
 
Infheistíocht i dTaighde ar fiú €2.3mn í fógartha ag an Aire Mitchell O’Connor d’Ollscoil Mhá Nuad

D’fhógair an tAire Post Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O’Connor, TD, agus an tAire Stáit um Oiliúint, Scileanna agus Nuálaíocht, John Halligan, TD, inniu go ndéanfaidh Fondúireacht Eolaíochta Éireann infheistíocht ar fiú €2.3m í i dtaighde in Ollscoil Mhá Nuad. Tá €680,000 á bhronnadh ar an Dr Neil Trappe, an Roinn Fisice Turgnamhaí, as saoráid do thomhas agus do thréithriú a dhéanamh ar ardmhinicíocht teiriheirts a fhorbairt. Tá €315,000 á bhronnadh ar an Dr Tim McCarthy, an Lárionad Náisiúnta Geoiríomhaireachta, as forbairt a dhéanamh ar phód íomháithe agus braiteora do ladrainn agus d’eitleáin bheaga. Tá €1.3m sa bhreis á bhronnadh le caitheamh ar bhonneagar taighde.
Bunóidh an Dr Trappe Ionad Barr Feabhais a dhíreoidh ar thomhas a dhéanamh ar ardmhinicíocht teiriheirts (THz) agus a dhéanfaidh éascaíocht ar an bhforbairt ar chórais chumarsáide 5–6G sa todhchaí, a bheidh níos faide chun tosaigh ná na líonraí cumarsáide 4G atá ann faoi láthair. Cuirfidh líonraí gan sreang a bhfuil ardmhinicíocht teiriheirts níos airde acu toilleadh sonraí ag ráta an-ard ar fad ar fáil.

Tá forbairt á dhéanamh ag an Dr McCarthy ar phód íomháithe agus braiteora do ladrainn agus d’eitleáin bheaga a chruthóidh an deis forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí tacaíochta a bhaineann le cinntí a dhéanamh agus bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar ár n-acmhainní nádúrtha, ar iompar, fuinneamh agus seirbhísí cumarsáide, chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar thionchar fadtéarmach an athraithe aeráide. 
Is cuid den €47.4m a fógraíodh do shé thionscadal is tríocha í an infheistíocht seo, tionscadail a bhaineann le bonneagar agus le saoráidí taighde.

Agus na dámhachtainí á bhfógairt aici, dúirt an tAire Mary Mitchell O’Connor: “Is infheistíocht i dtodhchaí an taighde agus na forbartha in Éirinn í infheistíocht an lae inniu atá déanta ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann. Is cuid lárnach í de chur i bhfeidhm ár straitéise eolaíochta agus teicneolaíochta - Innovation 2020. Cuireann bonneagar ar ardchaighdeán agus lucht oibre cumasach le mealltacht na hÉireann sa mhargadh domhanda. Bainfidh páirtithe tionsclaíochta leas go díreach as bonneagar níos fearr trí dheiseanna ar nós comhpháirtíochtaí agus comhoibrithe idirnáisiúnta atá éascaithe ag taighdeoirí Fhondúireacht Eolaíochta Éireann inár nInstitiúidí Ardoideachais a thapú.      
Ag labhairt dó faoi na dámhachtainí, dúirt an tAire John Halligan: “Cabhróidh an infheistíocht seo a fógraíodh inniu le bonneagar den scoth a chur ar fáil ag leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Tá na háiseanna agus an trealamh iontach seo riachtanach d’Éirinn le hinfheistíocht agus le cumas a mhealladh chuig ár réigiúin, agus le hoiliúint a chur ar lucht oibre sároilte agus nuálach.”
 
Cuireann an Clár Bonneagair um Thaighde de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann an trealamh agus na saoráidí riachtanacha ar fáil le tabhairt faoi thaighde atá ar ardchaighdeán, éifeachtach agus nuálach. Cinntíonn an clár go bhfuil sé de chumas ag taighdeoirí Éireannacha iarratas a dhéanamh ar dheiseanna do mhaoiniú idirnáisiúnta, glaonna ar mhaoiniú Horizon 2020 san áireamh. Ina theannta sin, cuireann an clár ar chumas na nInstitiúidí Ardoideachais bonneagar níos lú a cheannach trí dhreasú maidir le luach ar airgead lena n-áirítear ceantanna agus idirbheartaíocht díoltóra.
Ag labhairt faoin infheistíocht, thug an tOllamh Mark Ferguson, Ard-Stiúrthóir Fhondúireacht Eolaíochta Éireann agus Príomhchomhairleoir Eolaíochta Rialtas na hÉireann an míniú seo a leanas: “Tá infheistíocht agus feabhas leanúnach ríthábhachtach lena chinntiú go bhfanann Éire ar thús cadhnaíochta sa taighde agus san fhorbairt eolaíoch. Tacaítear leis an taighde ardchaighdeáin is féidir a dhéanamh anseo trí na huirlisí agus na saoráidí is fearr a chur ar fáil do thaighdeoirí. Tá ríméad ar Fhondúireacht Eolaíochta Éireann tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí Éireannacha trí shaoráidí agus trealamh a chur ar fáil dóibh a chuirfidh ar a gcumas fiosrúcháin a dhéanamh ag an teorainn a bhaineann le taighde STEM, agus a bhfionnachtana a chur i bhfeidhm go praiticiúil.”