Teagascóir Gaeilge ag teastáil i bPáras

Thursday, August 28, 2014 - 00:00

Fáiltíonn Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, roimh iarratais ar an bpost seo a leanas:
 
Teagascóir Gaeilge (Páirtaimseartha) i gColáiste na nGael, Páras
ó dheireadh Mheán Fómhair 2014 go Meitheamh 2015 (10 mí).

 
Dualgais an phoist:

  • Ranganna bunaithe ar Shiollabais TEG a mhúineadh ag Bonnleibhéal 1 (A1), Bonnleibhéal 2 (A2), Meánleibhéal 1 (B1) agus Meánleibhéal 2 (B2)    - beidh 8 n-uaire an chloig teagaisc  sa tseachtain ar fad i gceist
  • 3 dhianchúrsa lae a mhúineadh i mí an Aibreáin agus Bealtaine (3 Shatharn a bheidh i gceist)
  • Clárú na mac léinn agus aon obair riaracháin eile a bhaineann leis na scrúduithe
  • Roinnt cúraimí riaracháin eile 

I measc na gcritéar riachtanach don phost tá:
• Ardscileanna teanga, idir labhairt agus scríobh; bheadh Teastas Eorpach na Gaeilge Ardleibhéal 1 (C1)  inmhianaithe
• Taithí ar theagasc na Gaeilge do dhaoine fásta, an Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta) inmhianaithe
 
Tuarastal
 €1100 sa mhí. 
 
Iarratais
Seol gairmré agus litir chlúdaigh le hainmneacha agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí ar ríomhphost chuig Aisling Ní Bheacháin, aisling.nibheachain@mu.ie roimh 5.00pm 10 Meán Fómhair 2014. 
 
Dáta tosaithe: 24 Meán Fómhair 2014
 
Tuilleadh eolais:
Aisling Ní Bheacháin,Comhordaitheoir na Gaeilge, Ionad na dTeangacha,Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
01 708 6417