MU Arts and Minds Festival 2023 - An Fhéile Bheag

Saturday, May 6, 2023 - 10:00 to 22:00
Maynooth University - Various locations

An Fhéile Bheag, Ollscoil Mhá Nuad, Maoinithe ag Foras na Gaeilge
The Féile Bheag – an Irish-language programme of Arts Events

Saorchead isteach d'imeachtaí lae, ach ní mór clárú roimré ar Eventbrite
Free Admission for day-time events, but pre-registration required on Eventbrite

Súil Amháin agus Tuath istoíche €12, ticéidí ar díol ar Eventbrite
Súil Amháin and Tuath evening event €12, tickets available on Eventbrite

Tuilleadh eolais/further information: feilebheag@mu.ie

Is é téama na bliana seo don Fhéile Bheag ná ‘ealaín in am an ghátair’. Déanfar ceiliúradh dá réir ar chumhacht na n-ealaíon Gaeilge agus Gaeltachta, ar an slí ina dtugann siad dúshlán na sochaí nuair is gá, agus ar an slí ina gcothaíonn siad croí, anam, agus machnamh an phobail. Bígí linn do réimse leathan ealaíon traidisiúnta agus comhaimseartha trí mheán na Gaeilge – damhsa, lúibíní, amharclannaíocht, scannánaíocht, sean-nós, agus nua-cheapadóireacht.
 

This year’s Féile Bheag festival theme is ‘arts and resilience’, celebrating the incredible power of traditional and contemporary Irish-language and Gaeltacht arts, their capacity to challenge society when most needed, and how the arts can bring communities together, transforming thought, allowing us to see the world through new eyes. Join us for a wide range of transformative Irish-language arts experiences, from lúibíns to dance, from theatre to film, from sean-nós to new contemporary work.
 
10am-11.30am Ceardlann Amharclannaíochta trí mheán na Gaeilge le Clive Geraghty /Irish-language Theatre workshop with Clive Geraghty
SE014 Scoil an Oideachais/SE014 School of Education
***
12.00-1pm Seisiún Siúlach Amhránaíochta amuigh fán aer leis an amhránaí clúiteach, Máire Ní Churraoin ó Ghaeltacht Ráth Chairn/Outdoors sean-nós singing walk through the beautiful gardens of Maynooth University with acclaimed sean-nós singer, Máire Ní Churraoin, from the Ráth Chairn Gaeltacht
Buail ag Leabharlann Mhá Nuad/Meet at Maynooth Library
***
1-2.30pm An Phicnic Bheag Ealaíonta - ócáid amuigh fán aer ag díriú ar na healaíona Gaeilge/The Little Picnic – outdoors Irish-language arts picnic
Le Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill/with Ray Mac Mánais and Joe Ó Dónaill
 
Beidh an ócáid seo lonnaithe i measc na gcrann faoin bpuball mór lasmuigh d’Fhoirgneamh Hume ar an gcampas thuaidh. Beir leat do chuid bia féin do phinic bheag le tionlacan lúibíní, amhránaíochta, damhsa, ceoil agus cainte. Beidh fáilte roimh rannpháirtithe amhrán a rá nó port a sheinm  nó steip rince a dhéanamh de réir mar is maith leo féin chomh maith!
This Irish-language picnic will take place among the trees and under the large canopy outside of the Hume Building on the North Campus. Attendees will bring their own picnic lunch to enjoy as part of a vibrant Irish-language scene, while enjoying traditional music, song and sean-nós dance performances, in addition to lúibíní from the famous Ray Mac Mánais and Joe Ó Dónaill duo. Attendees will also have the opportunity to perform if they so wish also!
***
4.30pm-5.30pm Ócáid Ealaíonta in ómós do Chaoineadh Airt Uí Laoghaire a cumadh 250 bliain ó shin / Irish-language Interdisciplinary Arts Event in honour of the famous Lament for Art O’Leary which was composed 250 years ago this year
‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, seó aonair le hÁine Uí Chuíll (aisteoir) le ceol ó Bridie de Búrca ó Ghaeltacht Mhúscraí;  damhsa le Nada Ní Chuirrín; agus nua-cheapadóireacht le hEoin McEvoy/A staging of ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ by Áine Uí Chuíll with music from Bridie de Búrca (Muskerry Gaeltacht); sean-nós dance by Nada Ní Chuirrín; and newly composed work by Eoin McEvoy 
Léachtlann an Iontais/Iontas Lecture Theatre
***
8-10pm Tráthnóinín Déanach/One Evening of Late: Súil Amháin agus Tuath
Súil Amháin agus Tuath istoíche €12, ticéidí ar díol ar Eventbrite
Súil Amháin and Tuath evening event €12, tickets available on Eventbrite

Bí linn do Thráthnóinín Déanach le ceolta leictreonacha, rave, agus Hip Hop ó Súil Amháin agus Tuath, draoithe cáiliúla an cheoil, na rithime, agus na bhfocal, le faobhar na hoíche i bhfíorthús an tSamhraidh i suíomh álainn an Aula Maxima in Ollscoil Mhá Nuad. Tabharfaimid féin an Samhradh linn trí eispéireas claochlaitheach fuaime, friotail, agus rince trí mheán fíorbhinn na Gaeilge.  Caill an ceann, airiú, agus bí linn! Fáilte roimh Chách!
A special evening of Irish-language hip-hop, electronic music, and rave with the acclaimed Súil Amháin and Tuath ensemble. Join us for this transformative liminal event in the magical surrounds of the Aula Maxima at Maynooth University, re-creating our world through a captivating Irish-language soundscape and embodied dance experience. Go wild, and experience Irish-language arts like you have never done before …  all welcome!
Aula Maxima
***

Comhstiúrthóirí na Féile Bige/Féile Bheag Festival Co-directors: Helen de Búrca (MA Nua-Ghaeilge, Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil), Brian Mac Maghnuis (Oifig na Gaeilge), Nada Ní Chuirrín (Roinn na Nua-Ghaeilge), Tríona Ní Shíocháin (Roinn na Nua-Ghaeilge), Orlaith Towey (MA Nua-Ghaeilge).