Taighde Dána 2023/Art as Research 2023

Thursday, September 28, 2023 - 17:30

Is tionól ealaíonta é Taighde Dána a dhíríonnar an gcleachtas cruthaitheach agus ar an machnamh ealaíonta in aonacht. Déanfar pléann ar ghnéithe éagsúla den chruthaitheacht, den chleachtas, den bhéalaireacht, dentraidisiún, is den nuálacht, agus díreofarchomh maith ar an taighde ealaíonta, inanasctar an gníomh cruthaitheach agus an smaointeoireacht féin go dlúth ar a chéile. Cuirfear meascán de chainteanna agus de cheardlanna ar fáil, agus leagfar béim go speisialta ar an eolas ar leith a eascraíonn as an gcleachtas cruthaitheach féin. Gheofar peirspictíochtaí úra ó réimse leathan ealaíontóirí - damhsóirí, ceoltóirí, , filí, cumadóirí, agus lucht amharclannaíochta ina measc.

Cuirfidh ealaíontóirí traidisiúnta agus comhaimseartha, múinteoirí, scoláirí, agus pobal na Gaeilge i gcoitinne suim mhór inimeachtaí an tionóil agus fáilteofar roimh chách

Saorchead isteach go dtí imeachtaí uile an tionóil, ach is gá clárú roimh ré ag taighdedana@mu.ie

Maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta, Ollscoil Mhá Nuad, agus Lárionad na Gaeilge

Foireann an Tionóil: An tOllamh Tríona Ní Shíocháin, Ollscoil MháNuad (comhstiúrthóir), Nada Ní Chuirrín, Ollscoil Mhá Nuad (comhstiúrthóir), Mairéad Uí Fhlatharta, Ollscoil Mhá Nuad (Cúntóir Sinsearach Feidhmeannach), Freda Nic Giolla Chatháin (Ealaín na Gaeltachta), Aoife Ní Chonghaile (Ealaín na Gaeltachta), Micheál Ó Fearraigh (Ealaín na Gaeltachta)
 
Eolas: taighdedana@mu.ie

Dé hAoine,13 Deireadh Fómhair 2023

12.30-13.30 Oscailt an tionóil, lón éadrom, agus plé:‘Sealbhú an traidisiúin agus na cruthaitheachta i measc an aosa óig’

13.30-15.00 Sruth Beo an Traidisiúin sa Cheol Comhaimseartha: Fóram Plé
Cathaoirleach: Tríona Ní Shíocháin
Aíonna: Séamus Barra Ó Súilleabháin, Róisín Seoighe, Síle Denvir

15.30-17.00 Ceardlann Damhsa le Nada Ní Chuirrín

17.30-19.00 Fóram ar an Amhránaíocht Teaghlaigh
Cathaoirleach: Tríona Ní Shíocháin
Aíonna:Odí Ní Chéilleachair agus Damhnait Ní Fhátharta
Caitlín agus Cathal Ó Curráin
Caitlín Ní Chualáin agus Domhnall Ó Braonáin

19.00-21.00 Dinnéar an Tionóil

21.00 Club an Tionóil: Ceolchoirm/Seisiún Ceoil agus AmhránaíochtaCeolchoirm le Síle Denvir agus Aibhse, Cathal Ó Curráin, Róisín agus Colm Seoighe, agusSéamus Barra Ó SúilleabháinSeisiún Ceoil agus Amhránaíochta tar éis na ceolchoirme

Dé Sathairn,14 Deireadh Fómhair 2023

09.30-11.00 Ceardlann Amhránaíochta don Aos Óg le hAibhse

11.30-13.00 An Amharclannaíocht Chomhaimseartha agus na hEalaíona Dúchais
le Darach Mac Con Iomaire

13.00-14.00 Lón éadrom agus líonrú

14.00-15.30 An Nasc idir an Ceol agus an Damhsa: Fóram agus Taispeántas
Cathaoirleach: Nada Ní Chuirrín
Aíonna: Róisín Ní Mhainín, Gearóid Ó Dubháin, PJ Sonaí Choilm Learaí

16.00-17.00 Iarphlé agus Críoch an Tionóil
Saorchead isteach go himeachtaí uile an tionóil, ach is gá clárú roimh ré ag taighdedana@mu.ie