Close

Gaeilge/Modern Irish

Why study Gaeilge/Modern Irish

Déanann mic léinn ar chúrsa na Nua-Ghaeilge staidéar ar an teanga (labhartha agus scríofa) agus ar ghnéithe den litríocht agus den chultúr. Foghlaimíonn ár mic léinn faoin ilghnéitheacht agus faoin oidhreacht shaibhir atá ag an nGaeilge, chomh maith le scileanna a bheidh úsáideach dóibh le linn a saoil, is cuma cén ghairm a roghnóidh siad. Baineann siad an méid sin amach i Roinn atá cairdiúil agus oscailte agus atá tiomanta don Ghaeilge agus don fhoghlaim.

Tá ról lárnach ag an nGaeilge scríofa agus labhartha inár gcúrsa agus tugtar gach spreagadh do mhic léinn a scileanna labhartha agus scríofa a fheabhsú. Chuige sin, caitheann mic léinn tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht de ghnáth.

Tugtar modúil ar an litríocht chomhaimseartha ionas gur féidir le mic léinn eolas grinn a chur ar fhilíocht, ar phrós agus ar dhrámaíocht na Gaeilge. Cuirtear modúil ar fáil fosta ar an litríocht a bhaineann le tréimhsí níos luaithe, ina measc sin, filíocht na mBard, an Fhiannaíocht, filíocht an 17ú haois, an 18ú haois agus an 19ú haois. Tá modúil roghnacha ar fáil ar Ghaeilge na hAlban agus ar ainmneacha pearsanta agus logainmneacha na hÉireann. Mar aon le ceardlanna praiticiúla agus ranganna teagaisc ar an nGaeilge scríofa agus labhartha, cuirimid modúl ar shochtheangeolaíocht na Gaeilge agus ar chanúineolaíocht na nuatheanga ar fáil.  

 

Undergraduate Degrees

Qualification & Course Title CAO Code
BACHELOR OF ARTS MH101
Back to top