Close

PhD NUA-GHAEILGE

Qualification : PHILOSOPHIAE DOCTOR DEGREE

Award Type and NFQ level : RESEARCH PH.D. (10)

CAO/PAC code : MHU02 (FT), MHU03 (PT)

CAO Points :

Is í aidhm an chláir ná clár struchtúrtha dochtúireachta sa Nua-Ghaeilge a chur ar fáil do mhic léinn ar mian leo tabhairt faoi ardtaighde i réimsí áirithe den disciplín. Is iad cuspóirí an chláir ná scileanna cineálacha.

Mar chuid den chlár struchtúrtha dochtúireachta sa Nua-Ghaeilge, bíonn ar gach mac léinn réimse modúl a chur i gcrích gur fiú 30 creidiúint ar fad iad, chomh maith le togra mór taighde a chuirfear i gcrích faoi stiúir ba(i)ll foirne. Cuirtear stiúrthóirtheacht ar fáil sna réimsí ardtaighde seo a leanas:

      1.   PhD Nua-Ghaeilge (Tráchtas)

Tráchtas scríofa c. 80,000 focal ar aon ghné de Léann na Gaeilge

      2.   PhD Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta)

Bíonn ar mhic léinn PhD sa Taighde Ealaíonta dhá ghné ar leith a chur i gcrích mar chuid dá gcúrsa taighde: (1) tráchtas c. 40,000 focal (.i. scríbhneoireacht bunaithe ar an taighde acadúil agus/nó féinmhachnamh substaintiúil ar an gcleachtas cruthaitheach) (2) togra taighde ealaíonta, mar shampla ceadal mór ceoil, togra feidhmeach amharclannaíochta, togra feidhmeach scannánaíochta, togra sa scríbhneoireacht chruthaitheach, togra feidhmeach sna healaíona traidisiúnta nó comhaimseartha, togra feidhmeach damhsa, togra feidhmeach sna healaíona pobail, nó togra ar aon ábhar cruthaitheach oiriúnach eile a bhaineann leis na healaíona Gaeilge nó Gaeltachta. Is i gcomhpháirt leis an bhfoireann stiúrthóireachta agus leis an gCeann Roinne a shocraítear teorainneacha agus riachtanaisí an togra taighde ealaíonta, agus is é Déan na nDán, an Léinn Cheiltigh, agus na Fealsúnachta a cheadóidh agus a dheimhneoidh sula bhfógrófar don Oifig Staidéir Iarchéime, a nótálfaidh. Cuirfear sceideal agus socruithe scrúdaitheoireachta, faoi mar a oireann don dearadh ar leith ar an togra atá idir lámha, in iúl don mhac léinn i scríbhinn i dtosach na dara bliana. Beidh dhá phointe scrúdaitheoireachta ann mar seo a leanas: (1) breithniú ar an togra taighde ealaíonta féin agus (2) viva voce tar éis don tráchtas a bheith sínte isteach. Sa chás gur ócáid phoiblí ealaíne nó taibhiú poiblí atá i gceist leis an togra taighde ealaíonta, beidh na scrúdaitheoirí i láthair ag an ócáid sin.

Fad
PhD Ceithre bliana de ghnáth (6 bliana go páirtaimseartha)
Tús an chúrsa
Meán Fómhair (nó am eile a shocrófar)

Bunchéim onóracha le dara honóracha grád 1 (II.1) sa Nua-Ghaeilge a theastaíonn le haghaidh na céime seo. Is gnách go mbíonn iarchéim (MA, MLitt onóracha) acu siúd a thugann faoi PhD sa Nua-Ghaeilge. Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha nó go páirtaimseartha. Ba cheart teagmháil a dhéanamh le Roinn na Nua-Ghaeilge mar a bhfaighfear a thuilleadh eolais agus foirm iarratais.

I gcás iarrthóirí don PhD sa Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta), anuas ar na riachtanais ghinearálta thuasluaite, beifear ag súil go mbeidh taithí shuntasach ina réimse speisialtóireachta ealaíonta ag an iarrthóir agus ardchaighdeán sroichte acu cheana féin ó thaobh scileanna cruthaitheacha de. I gcásanna eisceachtúla, mar shampla nuair is ealaíontóirí traidisiúnta nó comhaimseartha le taithí na mblianta atá i gceist, is féidir cumas an iarrthóra sa Ghaeilge a mheas neamhspleách ar cháilíochtaí na bunchéime ach foirm iarratais sa bhfoghlaim ó thaithí (R8) a chur faoi bhráid na hOllscoile.

An tOll. Fionntán de Brún 

Litríocht na Nua-Ghaeilge, An tAthbheochanachas, An Stair Chultúrtha, Stair na nIdéanna, An Traidisiún Béil, An Scríbhneoireacht Chruthaitheach 

Dr Caitlín Nic Íomhair 

Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, An Iar-Chríostaíocht, Biddy Jenkinson, Colm Breathnach, Ficsean Coiriúlachta, Litríocht Taistil, An Ghearrscéalaíocht, Próslitríocht na Gaeilge, An Léann Éireannach, Aistriúchán Liteartha, An Scríbhneoireacht Chruthaitheach 

Dr Lára Ní Mhaoláin 

Gramadach na Nua-Ghaeilge Moiche, An Phailéagrafaíocht, Eagarthóireacht Téacsanna, An Rúraíocht, an Fhiannaíocht.  

Dr Tracey Ní Mhaonaigh 

An Fhoclóireacht, An Dírbheathaisnéis, Litríocht agus Oidhreacht Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, Stair na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, cúrsaí aistriúcháin agus eagarthóireachta, nuálaíocht oideolaíoch.  

An tOll. Tríona Ní Shíocháin 

Litríocht na Gaeilge agus an Traidisiún Béil, Amhránaíocht ar an Sean-nós, Ceol Traidisiúnta na hÉireann, Banfhilí agus Banchumadóirí, Canúintí na Mumhan, Taibhealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta, Cleachtas an Taibhithe agus na Cruthaitheachta, Teoiric na Béalaireachta, An Teoiric Shóisialta, Eitnicheoleolaíocht,  Polaitíocht agus Tairngreachtaí, Suibiachtúlachtaí Nua-aoiseacha, Stair na Smaointeoireachta. 

Dr Brian Ó Catháin 

An Fhoghraíocht, An Chanúineolaíocht, An tSochtheangeolaíocht, Teanga agus Béaloideas Árann, Stair an Léinn Cheiltigh sa Ghearmáin, Léann na Beathaisnéise. 

Dr Eoghan Ó Raghallaigh 

Filíocht Chlasaiceach agus Iarchlasaiceach na Gaeilge, An Chanúineolaíocht, Léann na Beathaisnéise. 

Déanfar an clár a sheachadadh trí mhodúil mhúinte chineálacha, inaistrithe, sainiúil don ábhar, agus trí shainmhodúil a chuirfidh an Roinn agus ranna eile sa Dámh ar fáil, agus, más cuí, modúil a chuirtear ar fáil in institiúidí eile in Éirinn nó thar sáile, trí cheachtanna praiticiúla, cur i láthair páipéar comhdhála, freastal ar mháistir-ranganna agus/nó scoileanna samhraidh/geimhridh.

Course Duration: 4 years Full-time, 6 years Part-time

Déanfar an clár a sheachadadh trí mhodúil mhúinte chineálacha, inaistrithe, sainiúil don ábhar, agus trí shainmhodúil a chuirfidh an Roinn agus ranna eile sa Dámh ar fáil, agus, más cuí, modúil a chuirtear ar fáil in institiúidí eile in Éirinn nó thar sáile, trí cheachtanna praiticiúla, cur i láthair páipéar comhdhála, freastal ar mháistir-ranganna agus/nó scoileanna samhraidh/geimhridh.

Cur isteach ar an gcéim

Ar líne amháin via www.pac.ie/maynoothuniversity

Cód PAC
MHU02  PhD Nua-Ghaeilge (Tráchtas) Lánaimseartha
MHU03 PhD Nua-Ghaeilge (Tráchtas) Páirtaimseartha

MHU06 PhD Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta) Lánaimseartha

MHU07 PhD Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta) Páirtaimseartha

Ba cheart an t-eolas seo a leanas a chur ar aghaidh chuig PAC
D’iarrthóirí nár bhain an bhunchéim amach in OÉ Má Nuad: cóip dá dTeastas Breithe nó de Phas bailí, Tras-scríbhinn Oifigiúil agus dhá Theistiméireacht Acadúla mar thacaíocht lena n-iarratas.

D’iarrthóirí a chuireann isteach ar an PhD Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta), anuas ar an méid a luaitear thuas, ní mór eolas a sholáthar san iarratas ar thaithí an iarrthóra ina réimse speisialtóireachta ealaíonta chomh maith le fianaise go bhfuil ardchaighdeán sroichte aige/aici ó thaobh scileanna cruthaitheacha de cheana féin. Sa chás nach bhfuil a leithéid le sonrú ar thras-scríbhinní acadúla, is féidir curriculum vitae agus sampla d’ábhar cruthaitheach (mar shampla, físeán/taifeadadh samplach,  nó píosa samplach ceapadóireachta/scríbhneoireachta nó eile) a shíneadh isteach chun go mbreithneofar iad mar chuid den iarratas.

Tá cead ag iarrthóirí don PhD Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta) teistiméireacht amháin ó ealaíontóir aitheanta agus teistiméireacht acadúil amháin a sholáthar seachas an dá theistiméireacht acadúla, más fearr leo.

Dáta Deiridh
31 Iúil. De ghnáth glactar le hiarratais ar chéimeanna taighde ag am ar bith.

Back to top