Qualification : MASTER OF LITERATURE DEGREE
Award Type and NFQ level : RESEARCH MASTERS (9)
CAO/PAC code : MHU04 F/T;MHU05 P/T
CAO Points :
Is í aidhm an chláir ná clár struchtúrtha dochtúireachta sa Nua-Ghaeilge a chur ar fáil do mhic léinn ar mian leo tabhairt faoi ardtaighde i réimsí áirithe den disciplín. Is iad cuspóirí an chláir ná scileanna cineálacha.
Tús an chúrsa
Meán Fómhair (nó am eile a shocrófar)
Bunchéim onóracha le dara honóracha grád 1 (II.1) sa Nua-Ghaeilge a theastaíonn le haghaidh na céime seo. Is gnách go mbíonn iarchéim (MA, MLitt onóracha) acu siúd a thugann faoi PhD sa Nua-Ghaeilge. Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha nó go páirtaimseartha. Ba cheart teagmháil a dhéanamh le Roinn na Nua-Ghaeilge mar a bhfaighfear a thuilleadh eolais agus foirm iarratais.
An tOll. Fionntán de Brún
Litríocht na Nua-Ghaeilge, An tAthbheochanachas, An Stair Chultúrtha, Stair na nIdéanna, An Traidisiún Béil, An Scríbhneoireacht Chruthaitheach
Dr Caitlín Nic Íomhair
Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, An Iar-Chríostaíocht, Biddy Jenkinson, Colm Breathnach, Ficsean Coiriúlachta, Litríocht Taistil, An Ghearrscéalaíocht, Próslitríocht na Gaeilge, An Léann Éireannach, Aistriúchán Liteartha, An Scríbhneoireacht Chruthaitheach
Dr Lára Ní Mhaoláin
Gramadach na Nua-Ghaeilge Moiche, An Phailéagrafaíocht, Eagarthóireacht Téacsanna, An Rúraíocht, an Fhiannaíocht.
Dr Tracey Ní Mhaonaigh
An Fhoclóireacht, An Dírbheathaisnéis, Litríocht agus Oidhreacht Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, Stair na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, cúrsaí aistriúcháin agus eagarthóireachta, nuálaíocht oideolaíoch.
An tOll. Tríona Ní Shíocháin
Litríocht na Gaeilge agus an Traidisiún Béil, Amhránaíocht ar an Sean-nós, Ceol Traidisiúnta na hÉireann, Banfhilí agus Banchumadóirí, Canúintí na Mumhan, Taibhealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta, Cleachtas an Taibhithe agus na Cruthaitheachta, Teoiric na Béalaireachta, An Teoiric Shóisialta, Eitnicheoleolaíocht, Polaitíocht agus Tairngreachtaí, Suibiachtúlachtaí Nua-aoiseacha, Stair na Smaointeoireachta.
Dr Brian Ó Catháin
An Fhoghraíocht, An Chanúineolaíocht, An tSochtheangeolaíocht, Teanga agus Béaloideas Árann, Stair an Léinn Cheiltigh sa Ghearmáin, Léann na Beathaisnéise.
Dr Eoghan Ó Raghallaigh
Filíocht Chlasaiceach agus Iarchlasaiceach na Gaeilge, An Chanúineolaíocht, Léann na Beathaisnéise.
Is í aidhm an chláir ná clár struchtúrtha dochtúireachta sa Nua-Ghaeilge a chur ar fáil do mhic léinn ar mian leo tabhairt faoi ardtaighde i réimsí áirithe den disciplín. Is iad cuspóirí an chláir ná scileanna cineálacha.
Tús an chúrsa
Meán Fómhair (nó am eile a shocrófar)
Cur isteach ar an gcéim
Ar líne amháin via http://www.pac.ie/maynoothuniversity
Cód PAC
MHU04 MLitt Lánaimseartha
MHU05 MLitt Páirtaimseartha
Ba cheart an t-eolas seo a leanas a chur ar aghaidh chuig PAC
D’iarrthóirí nár bhain an bhunchéim amach in OÉ Má Nuad: cóip dá dTeastas Breithe nó de Phas bailí, Tras-scríbhinn Oifigiúil agus dhá Theistiméireacht Acadúla mar thacaíocht lena n-iarratas.
Dáta Deiridh
31 Iúil. De ghnáth glactar le hiarratais ar chéimeanna taighde ag am ar bith.