MU congratulates Dr Lorna Lopez on receiving SFI Early Career Researcher Award 2020

Thursday, November 5, 2020 - 13:15
 Irish Version
The winners of the prestigious 2020 Science Foundation Ireland (SFI) Awards were revealed today by Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science, Simon Harris TD, at the annual SFI Science Summit.  
 
Dr Lorna Lopez, a Lecturer and Assistant Professor at the Department of Biology and the Kathleen Lonsdale Institute for Human Health Research at Maynooth University, was awarded an Early Career Researcher Award 2020. 
 
The Science Awards recognise key leaders in the Irish Research Community. Dr Lopez received the award for her work in leading human health research on discovering the genetic basis of neurodevelopmental disorders.  
 
Dr Lopez’ research at Maynooth University uses genomic technologies to focus on understanding the genetic basis of mental illness and other brain- and medical-related traits. She is also a recent recipient of a prestigious ERC Starting Investigator Award. 
 
Dr Lopez graduated from Trinity College Dublin with a BA (Genetics) Natural Sciences in 2002, and The University of Edinburgh with a PhD (Psychiatric Genetics) in 2008.  
 
In advance of Science Week, this year the Summit has transferred to a virtual platform allowing members of Ireland’s research community to come together online to discuss the challenges and celebrate the significant contributions made over the past year to research and innovation in Ireland.  
 
Professor Mark Ferguson, Director General of Science Foundation Ireland and Chief Scientific Adviser to the Government of Ireland congratulated the award winners, saying: 
“I am delighted to congratulate this year’s award winners on their inspiring success and dedication. The Science Foundation Ireland Awards recognise the expansive contribution that scientists make to our society and economy through innovative breakthroughs, industry collaborations, entrepreneurship, public engagement, and mentorship of the next generation. This year has been an eventful and challenging one for our research community.  I would particularly like to congratulate Prof Kingston Mills as our 2020 SFI Researcher of the Year. Well done to all, working closely together, the Irish research community continues to be impactful, inspirational and world-leading.” 

Gabhann OMN comhghairdeas leis an Dr Lorna Lopez tar éis di Gradam FEÉ do Thaighdeoir go Luath sa Ghairm 2020 a ghnothú  
 
Tá na buaiteoirí de Ghradaim Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ), a bhfuil ardmheas ag baint leo, tar éis bheith nochtaithe inniu ag an Aire Breisoideachais, Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, ag Cruinniú Mullaigh FEÉ na bliana seo.
 
Bronnadh  Gradam do Thaighdeoir go Luath sa Ghairm 2020 ar an Dr Lorna Lopez, Léachtóir agus Ollamh Cúnta ag Roinn na Bitheolaíochta agus ag Institiúid Kathleen Lonsdale um Thaighde ar Shláinte an Duine in Ollscoil Mhá Nuad.

Tugann na Gradaim Eolaíochta aitheantas do na heochaircheannairí i bPobal Taighde na hÉireann. Ghnóthaigh an Dr Lopez an gradam seo mar gheall ar a hobair cheannródaíoch i dtaighde ar shláinte an duine chun an bunús géiniteach le neamhoird néarógacha a aimsiú.

Úsáideann taighde an Dr Lopez in Ollscoil Mhá Nuad teicneolaíochtaí géanómaíocha chun díriú ar thuiscint a bhaint amach ar an mbunús géiniteach atá le meabhairshláinte agus le tréithe eile a bhaineann leis an inchinn agus le cúrsaí leighis. Bhain sí Gradam an ERC do Thaighdeoir Tosaigh, a bhfuil ardmheas ag baint leis, amach di féin le déanaí chomh maith.

Bhain an Dr Lopez BA (Géinitic) Eolaíochtaí Nádúrtha amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sa bhliain 2002 agus PhD (Géinitic Shíciatrach) amach ó Ollscoil Dhún Éideann sa bhliain 2008.

Agus Seachtain na hEolaíochta ag druidim linn, tá an Cruinniú Mullaigh aistrithe go hardán fíorúil agus ciallíonn an t-aistriú seo gur féidir le baill de phobal taighde na hÉireann teacht le chéile ar líne chun na dúshláin a phlé agus an méid thábhachtach atá bainte amach le bliain anuas ó thaobh an taighde agus na núalaíochta de a cheiliúradh.  

Ghabh an tOllamh Mark Ferguson, Stiúrthóir Ginearálta Fhondúireacht Eolaíochta Éireann agus Príomhchomhairleoir Eolaíochta do Rialtas na hÉireann, comhghairdeas orthu siúd a ghnóthaigh gradaim agus dúirt sé an méid seo a leanas:
“Tá ríméad orm comhghairdeas a ghabháil le buaiteoirí gradaim na bliana seo as an rath atá orthu agus as an díocas atá acu a thabharfaidh inspioráid duit. Aithníonn Gradaim Fhondúireacht Eolaíochta Éireann an tréanobair ollmhór a dhéanann eolaithe ar mhaithe lenár sochaí agus lenár ngeilleagar ar roinnt mhaith bealaí lena n-áirítear talamh nuálaíoch a bhaint amach, páirtnéireacht a dhéanamh le tionscal, fiontraíocht a spreagadh, aghaidh a thabhairt ar an bpobal agus meantóireacht a dhéanamh ar an gcéad ghlúin eile. Tá an bhliain seo tar éis bheith lán le heachtraí agus dúshláin don phobal taighde. Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil ach go háirithe leis an Oll Kingston Mills mar Thaighdeoir na Bliana 2020 do FEÉ. Maith sibh go léir mar, ag obair go dlúth lena chéile, bíonn an-thionchar ag pobal taighde na hÉireann, is foinse inspioráide muid agus bíonn súile an domhain orainn.”