Welcome to the Motherhood Project
Fáilte chuig an Tionscadal Máithreachais

The Maynooth University Motherhood Project is leading the way in examining cultural representations of motherhood and the way that mothers are depicted in popular culture, film, literature and the media. Maynooth University researchers are particularly interested in accounts that depart from the traditional, idealised images of motherhood that we are used to seeing and that can cause us to question our expectations of mothers and the maternal role. The lived experience of motherhood has changed dramatically over the past generation, in part due to societal trends and geopolitical factors, and this research group explores how discourses and ideologies of motherhood reflect these changes. Their research sheds light on the experiences of mothers who are marginalised, on maternal voices that have been silenced and the pressures on women to conform to normative ideas of motherhood.

Is é Tionscadal Máithreachais Ollscoil Mhá Nuad an príomhthionscadal a dhéanann iniúchadh ar léirithe cultúrtha an mháithreachais agus ar an gcaoi a bhfuil máithreacha léirithe i gcultúr an phobail, i scannáin, i litríocht agus sna meáin. Tá spéis ar leith ag taighdeoirí de chuid Ollscoil Mhá Nuad i gcuntais a imíonn ó na híomhánna traidisiúnta agus idéalaithe a bhaineann leis an máithreachais agus a bhfuil taithí againn orthu, cuntais a thugann spreagadh dúinn an méid lena mbítear ag súil ó mháithreacha agus ó ról na máthar a cheistiú. Tá athrú suntasach tagtha ar thaithí an mháithreachais le glúin anuas, mar thoradh go pointe áirithe ar threochtaí sa tsochaí agus ar thosca geopholaitiúla. Fiosraíonn an grúpa taighde seo an tionchar a bhíonn ag na hathruithe sin ar dhioscúrsaí agus ar idé-eolaíochtaí an mháithreachais. Tugann a dtaighde léargas ar an taithí a bhíonn ag máithreacha atá imeallaithe, ar ghlórtha máthartha atá curtha ina dtost agus ar na brúnna a bhíonn ar mhná smaointe normatacha an mháithreachais a leanúint.