2024 Arts and Minds Festival - An Fhéile Bheag

Friday, May 10, 2024 - 20:00 to Saturday, May 11, 2024 - 16:30
Maynooth and Maynooth University

An Fhéile Bheag 2024: An Béal Beo/The Living Voice
Imeachtaí trí mheán na Gaeilge/Irish-medium events


Saorchead isteach, ach is cóir clárú roimré ar Eventbrite
Admission is free but pre-registration is required on Eventbrite

Eolas/Info:feilebheag@mu.ie
Maoinithe ag Foras na Gaeilge

I mbliana beidh ceiliúradh á dhéanamh againn ar bhéal beo na Gaeilge ón amhránaíocht ar an sean-nós go dtí an rap comhaimseartha. Féile dhraíochtúil a cheiliúrann guthanna de gach saghas, comhaimseartha agus traidisiúnta, laistigh de shaol na Gaeilge. Bígí linn, agus braithigí cumhacht an ghutha Ghaelaigh!

This year will be celebrating the power of voice within Irish-language verbal arts, from sean-nós singing to contemporary rap. Join us for an inspiring festival line up that celebrates a diversity of voices, both traditional and contemporary, within Irish-language culture.
 

Dé hAoine 10/05/2024
7-9pm REIC le Ciara Ní É, Séamus Barra Ó Súilleabháin, agus Amano
Bígí linn do thogha na filíochta, na hamhránaíochta, an cheoil, an rince agus na cuileachtan!
Irish-language slam poetry night with REIC, directed by Ciara Ní É,  including verbal arts, song, music, dance and great company! Featuring Séamus Barra Ó Súilleabháin, Amano, and many more.
Ionad/Venue: The Clock House i Maigh Nuad

 
Dé Sathairn 11/05/2024
10-11am Ceardlann amhránaíochta trí mheán na Gaeilge le Síle Denvir
Sean-nós singing workshop through the medium of Irish with Síle Denvir

11-12pm Siúlóid Amhránaíochta le Bláithín Mhic Cana, Piaras Ó Lorcáin, agus amhránaithe óga ó Ard Mhacha Theas trí ghairdíní áille Ollscoil Mhá Nuad. Túsphointe: lasmuigh de leabharlann na hOllscoile/Irish-medium
Sean-nós singing walk through the beautiful south campus of Maynooth University with Bláithín Mhic Cana, Piaras Ó Lorcáin, and young special guest singers from South Armagh. Starting point: Outside the University library.

12-1pm Ceardlann rap do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge le Séamus Barra Ó Súilleabháin
Rap workshop through the medium of Irish for young people with Séamus Barra Ó Súilleabháin

1-2.30pm Picnic Bheag Ealaíonta le Máire Ní Churraoin (amhránaíocht), Becky Ní Ealaithe (damhsa ar an sean-nós/consairtín), Síle Denvir (cláirseach, amhránaíocht) agus go leor eile. 
Beidh an ócáid seo lonnaithe i measc na gcrann faoin bpuball mór lasmuigh d’Fhoirgneamh Hume ar an gcampas thuaidh. Beir leat do chuid bia féin do phinic bheag le tionlacan amhránaíochta, damhsa, ceoil agus cainte. Beidh fáilte roimh rannpháirtithe amhrán a rá nó port a sheinm  nó steip rince a dhéanamh de réir mar is maith leo féin chomh maith! 

Outdoor performing arts picnic through the medium of Irish with Máire Ní Churraoin (song), Becky Ní Éalaithe (sean-nós dance/concertina), Síle Denvir (harp, song), and many more. 

This Irish-language picnic will take place among the trees and under the large canopy outside of the Hume Building on the North Campus. Attendees will bring their own picnic lunch to enjoy as part of a vibrant Irish-language scene, while enjoying traditional music, song and sean-nós dance performances. Attendees will also have the opportunity to perform if they so wish also!
 
3-4.30pm Fóram Plé: Stór Amhrán Gaeilge na hIar-Ghaeltachta: Caomhnú, Cleachtais, agus Cothú an Phobail Amhránaíochta le Bláithín Mhic Cana, Piaras Ó Lorcáin, Tríona Ní Shíocháin, agus Amhlaoibh Ó Síocháin Ó Beoláin.
Discussion forum on sean-nós song repertoire and development of Irish-medium song communities outside of Gaeltacht regions with Bláithín Mhic Cana, Piaras Ó Lorcáin, Tríona Ní Shíocháin, and Amhlaoibh Ó Síocháin Ó Beoláin (Irish-medium event). 

Comhstiúrthóirí na Féile Bige/Féile Bheag Festival Co-directors: Bláithín Mhic Cana (MA Nua-Ghaeilge, Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil), Brian Mac Maghnuis (Oifig na Gaeilge), Nada Ní Chuirrín (Roinn na Nua-Ghaeilge), Tríona Ní Shíocháin (Roinn na Nua-Ghaeilge).

2024 MU Arts and Minds Festival