Maynooth academics named among Ireland’s Champions of EU Research

Imelda Lambkin, Horizon 2020 National Director, Minister John Halligan and Julie Sinnamon, Enterprise Ireland CEO
Wednesday, June 28, 2017 - 14:45

Three Maynooth University faculty members are today been named among Ireland’s ‘Champions of EU Research.’

Professors David Stifter, John Ringwood and Malcom Maclachlan, have been recognised by Minister of State John Halligan TD, and Julie Sinnamon, CEO of Enterprise Ireland, among a group of researchers leading major projects in Horizon 2020, the European Research and Innovation Programme, at an event in the Royal Hospital Kilmainham, today.

David Stifter, Professor of Old Irish at Maynooth University Department of Early Irish, holds an ERC Consolidator Grant for the 'Chronologicon Hibernicum’ project which aims to develop a chronological framework for dating early Irish language development and literature.

John Ringwood, Professor at the Maynooth University Department of Electronic Engineering, is one of the world’s leading experts in wave energy. He is Director of The Centre for Ocean Energy Research and is a part of the SFI-funded MaREI national centre for marine renewable energy.

Malcolm MacLachlan, Professor of Psychology and Social Inclusion at Maynooth University Psychology Department, co-ordinates a Horizon 2020 network for training and excellence studying the psychological effects of exposure to traumatic life events among unique traumatised groups in Europe.

Speaking ahead of the presentation of awards Minister Halligan said: “I am delighted to be here today among this impressive and diverse representation of the Irish research community. The breadth of projects nominated for awards today inspires confidence in the continued excellence and dedication to research and innovation in Irish society. I was particularly impressed to note the variety of Universities, Higher Education Institutes, agencies and companies that are competing at the highest levels of European research.”

Julie Sinnamon, CEO of Enterprise Ireland added: “Today’s event celebrates the achievements of collaboration between academic research and industry. Horizon 2020 is an important source of funding for research and innovation and provides a mechanism for researchers and Irish enterprise to network and collaborate with the best researchers and leading companies across Europe. These benefits are particularly important for a small, open economy like ours. The award winners here today are a source of inspiration for others and I’d like to wish them every success with their current projects and in their future endeavours.”

Ainmníodh triúr ó fhoireann acadúil Ollscoil Mhá Nuad i measc ‘Curaidh Thaighde AE’ na hÉireann.

Ag ócáid in Ospidéal Ríoga Cill Mhaighneann inniu, thug an tAire Stáit John Halligan TD, agus Julie Sinnamon, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhiontraíocht Éireann, aitheantas do na hollúna David Stifter, John Ringwood agus Malcolm MacLachlan, mar chuid de ghrúpa taighdeoirí a stiúrann tionscadail mhóra faoi Horizon 2020, an Clár Eorpach um Thaighde agus um Nuálaíocht.

Tá Deontas Comhdhlúite ón gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC) bainte amach ag David Stifter, Ollamh le Sean-Ghaeilge i Roinn na Sean-Ghaeilge Ollscoil Mhá Nuad, don tionscadal ‘Chronologicon Hibernicum’ a bhfuil sé mar aidhm aige creat cróineolaíoch a fhorbairt le dátú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar litríocht na sean-Ghaeilge.

John Ringwood, Ollamh i Roinn na hInnealtóireachta Leictreonaí, ar dhuine de na saineolaithe mór le rá go domhanda i réimse an fhuinnimh tonnta. Tá sé ina stiúrthóir ar an Ionad um Thaighde ar Fhuinneamh an Aigéin agus tá sé mar chuid den ionad náisiúnta um fhuinneamh in-Athnuaite agus muirí, ionad atá maoinithe ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann.

Déanann Malcolm MacLachlan, Ollamh le Síceolaíocht agus le hIonchuimsiú Sóisialta i Roinn Síceolaíochta Ollscoil Mhá Nuad, comhordú ar líonra de chuid Horizon 2020, líonra a dhíríonn ar oiliúint agus ar shármhaitheas. Déanann an líonra staidéar ar an tionchar síceolaíoch a bhíonn ag eachtraí suntasacha atá trámach ar ghrúpaí uathúla san Eoraip ar bhain tráma dóibh.

Ag labhairt dó roimh bhronnadh na ngradam, dúirt an tAire Halligan: “Tá ríméad orm a bheith anseo i measc na n-ionadaithe iontacha agus éagsúla seo ó phobal taighde na hÉireann. Tugann réimse na dtionscadal atá ainmnithe do ghradaim inniu muinín dom go leanfaidh an sármhaitheas agus an tiomantas do thaighde agus do nuálaíocht i sochaí na hÉireann. Chuaigh sé i bhfeidhm orm go mór go bhfuil réimse ollscoileanna, Institiúidí Ardoideachais, gníomhaireachtaí agus cuideachtaí ag dul san iomaíocht ag na leibhéil is airde den taighde Eorpach.”

Chuir Julie Sinnamon, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhiontraíocht Éireann, leis an méid sin: “Déanann ócáid an lae inniu ceiliúradh ar na héachtaí atá bainte amach tríd an gcomhpháirtíocht idir taighde acadúil agus earnáil na tionsclaíochta. Is foinse thábhachtach é Horizon 2020 do mhaoiniú i gcomhair taighde agus nuálaíochta agus cuireann sé meicníocht ar fáil do thaighdeoirí agus d’fhiontraíocht chun líonraí a chruthú agus comhoibriú a dhéanamh leis na taighdeoirí is fearr agus leis na príomhchuideachtaí ar fud na hEorpa. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na buntáistí sin do gheilleagar beag agus oscailte cosúil lenár ngeilleagar féin. Tugann buaiteoirí na ngradam seo spreagadh do dhaoine eile agus ba mhaith liom gach rath a ghuí orthu lena dtionscadail reatha agus lena n-iarrachtaí sa todhchaí.”
.