Mic Léinn Mhá Nuad i nGaeltacht na Mí

Simon Ó Cróinín in éineacht le mic léinn ó Scéim Chónaithe Ollscoil Mhá Nuad tar éis dó caint a thabhairt dóibh ar cheird na beachaireachta in Áras Pobail Ráth Chairn.
Saturday, February 29, 2020 - 12:45

Bhí fáilte is fiche curtha roimh mhic léinn Scéim Chónaithe Ollscoil Mhá Nuad nuair a thugadar na cosa leo don dara bliain as a chéile go Ráth Chairn amuigh faoin tuath i gContae na Mí, an ceantar Gaeltachta is gaire dóibh, chun an deireadh seachtaine a chaitheamh ann. Bhí aimsir na Bó Riabhaí leo nuair a thugadar faoin mbóthar tráthnóna Aoine in éineacht le hOifigeach na Gaeilge Brian Mac Maghnuis ach níor chuir sé seo as dóibh puinn agus taitneamh agus tairbhe á mbaint acu as na himeachtaí a chuir bainisteoir Chomharchumann Ráth Chairn Brídóg Ní Chonaire in eagar dóibh ó shroicheadar an áit go dtí gur fhágadar arís í.

I measc na n-imeachtaí bhí caint ar cheird na beachaireachta ón mbeachaire áitiúil Simon Ó Cróinín a d’fhoilsigh leabhar ar an ábhar céanna anuraidh dár teideal “Blas Meala: An Bheachaireacht Shimplí”, ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós leis an amhránaí aitheanta gurb as an gceantar di Nollaig Ní Laoire, a bhuaigh Corn Uí Riada sa bhliain 2010 agus léacht ar stair aonaránach agus thar a bheith spéisiúil Ráth Chairn ón úrscéalaí mór lé rá agus léachtóir ócáideach in Ollscoil Mhá Nuad atá ina chónaí sa cheantar le tríocha bliana anuas, Liam Mac Cóil. Chomh maith leis sin go léir, thugamar turas ar na suíomhanna ársa Cnoc na Teamhrach agus Tlachtga, nach bhfuil i bhfad ón nGaeltacht in aon chor agus a thugann an-léargas ar thábhacht an cheantair i miotaseolaíocht agus béaloideas na hÉireann.