Maynooth University achieves highest-ever first preference applications

Tuesday, July 9, 2019 - 11:45

Irish Version

Maynooth University has received its highest-ever first preference applications.  More than 4,200 students have chosen Maynooth as their first preference for the 2019-2020 academic year, according to figures released today by the Central Applications Office (CAO).  This figure represents a 7% increase on Maynooth applications from last year, and amounts to more than three times the total increase (2%) in CAO Level 8 first preferences this year.
 
The increases in first preferences are recorded right across Maynooth University’s degree courses, particularly the Bachelor of Science degree (33%), Arts (17%), Law (12%), Business (9%) and Education (6%).
 
Maynooth's Bachelor of Arts degree continues to be the most popular course in the CAO, attracting more applications and first preferences than any other CAO course.
 
Maynooth University marked another important milestone last week when it was named among the Top 50 Young Universities in the World, climbing from the position of #80 in 2018. The Times Higher Education (THE) ranking of #50 is the highest position achieved by an Irish university this year.
 
Speaking about today’s CAO announcement, Professor Philip Nolan, President of Maynooth University, said: “Maynooth University holds a unique position as the highest ranking Irish university in the Top 50 Young Universities in the world. Today’s first preference figures further reflect the creative choices of Maynooth in offering the greatest level of flexibility and control to students over their education within a rapidly changing jobs market. 
 
“Maynooth University offers students a highly innovative critical skills module to ensure that graduates are leaving fully equipped with the analytical thinking and communications skills needed for future work environments. In responding to evolving opportunities across employment sectors, we continue to innovate and grow in a highly competitive global climate.”
 
Maynooth is Ireland’s fastest growing university with more than 13,000 students, including 1,600 taught postgraduate students and over 400 research students.


Baineann Ollscoil Mhá Nuad líon na n-iarratas ar an gcéad rogha is airde riamh amach di féin
 
Ardú 33% ar líon na n-iarratas go dtí an Lár-Oifig Iontrála don Bhaitsiléir san Eolaíocht sa bhliain 2019 – 2020
An chéim sna hEalaíona an ceann a bhfuil an t-éileamh is mó sa tír uirthi le ardú 17% ar líon na n-iarratas
Ardú 12% don chéim Dlí ón mbliain seo caite2 Mí Iúil 2019:

D’fhógair Ollscoil Mhá Nuad inniu go bhfuil líon na n-iarratas ar an gcéad rogha is airde faighte aici i mbliana. Tá Má Nuad roghnaithe mar chéad rogha ag breis agus 4,200 mac léinn don bhliain acadúil 2019 – 2020, dar le figiúirí a eisíodh inniu ag an Lár-Oifig Iontrála (CAO). Is méadú 7% ar iarratais Mhá Nuad ón mbliain seo caite é seo agus is trí huaire níos mó ná an méadú iomlán (2%) i gcéad roghanna CAO ar Leibhéal 8 i mbliana é seo.

Tá an méadú seo ó thaobh na gcéad roghanna de le feiscint sna cúrsaí céime ar fad a chuireann Ollscoil Mhá Nuad ar fáil, go háirithe sa chéim Bhaitsiléara san Eolaíocht (33%), sna hEalaíona (17%), sa Dlí (12%), sa Ghnó (9%) agus san Oideachas (6%).

Tá an t-éileamh is mó ar an gcéim Bhailsiléara sna hEalaíona a chuireann Ollscoil Mhá Nuad ar fáil as na cúrsaí ar fad a bhaineann leis an Lár-Oifig Iontrála, sa chaoi go meallann sí an méid is mó iarratas agus céad roghanna as na cúrsaí CAO go léir.

Bhain Ollscoil Mhá Nuad cloch mhíle thábhachtach eile amach an tseachtain seo caite nuair a ainmníodh í i measc an 50 Ollscoil Óg is Fearr ar Domhan, ag dreapadh óna háit ag #80 sa bhliain 2018. Is é an rangú seo ón Times Higher Education (THE) ag #50 an áit is fearr atá bainte amach ag aon ollscoil in Éirinn i mbliana.

Ag caint ar an bhfógra CAO inniu, dúirt an tOllamh Pilib Ó Nualláin, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad: “Tá stádás aonaránach bainte amach ag Ollscoil Mhá Nuad óir is muidne an ollscoil in Éirinn leis an rangú is airde i measc an 50 Ollscoil Óg is Fearr ar domhan. Is léargas eile iad figiúirí an lae inniu faoin gcéad rogha ar na roghanna cruthaitheacha a ghlac Má Nuad agus ardleibhéal de sholúbthacht agus de smacht á dtairiscint againn dár mic léinn taobh istigh de mhargadh fostaíochta atá ag athrú gan stad gan staonadh.

“Cuireann Ollscoil Mhá Nuad modúl fíor-nuálach ar scileanna criticiúla faoi bhráid ár mac léinn chun cinntiú go bhfágann siad lena gcéimeanna bainte amach acu agus iad in ann dul i mbun smaointeoireachta go hanailíseach agus dul i mbun cumarsáide ag leibhéal an-ard, dhá rud a theastaíonn go géar don ionad oibre amach anseo. Mar fhreagra ar an éabhlóidiú sna deiseanna fostaíochta atá ar fáil in earnálacha éagsúla, leanaimid orainn ag fás agus ag forbairt i dtimpeallacht dhomhanda atá thar a bheith iomaíoch go deo.”

Is í Ollscoil Mhá Nuad an ollscoil in Éirinn a bhfuil an borradh is tapúla ag teacht uirthi le breis agus 13,000 mac léinn, lena n-áirítear 1,600 mac léinn iarchéime múinte agus 400 mac léinn taighde.