Close

M.LITT.(RESEARCH)

Qualification : MASTER OF LITERATURE DEGREE

Award Type and NFQ level : RESEARCH MASTERS (9)

CAO/PAC code : MHU04 F/T;MHU05 P/T

CAO Points :

Is í aidhm an chláir ná clár struchtúrtha dochtúireachta sa Nua-Ghaeilge a chur ar fáil do mhic léinn ar mian leo tabhairt faoi ardtaighde i réimsí áirithe den disciplín. Is iad cuspóirí an chláir ná scileanna cineálacha.

Tús an chúrsa
Meán Fómhair (nó am eile a shocrófar)

Bunchéim onóracha le dara honóracha grád 1 (II.1) sa Nua-Ghaeilge a theastaíonn le haghaidh na céime seo. Is gnách go mbíonn iarchéim (MA, MLitt onóracha) acu siúd a thugann faoi PhD sa Nua-Ghaeilge. Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha nó go páirtaimseartha. Ba cheart teagmháil a dhéanamh le Roinn na Nua-Ghaeilge mar a bhfaighfear a thuilleadh eolais agus foirm iarratais.

An tOll. Fionntán de Brún 

Litríocht na Nua-Ghaeilge, An tAthbheochanachas, An Stair Chultúrtha, Stair na nIdéanna, An Traidisiún Béil, An Scríbhneoireacht Chruthaitheach 

Dr Caitlín Nic Íomhair 

Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge, An Iar-Chríostaíocht, Biddy Jenkinson, Colm Breathnach, Ficsean Coiriúlachta, Litríocht Taistil, An Ghearrscéalaíocht, Próslitríocht na Gaeilge, An Léann Éireannach, Aistriúchán Liteartha, An Scríbhneoireacht Chruthaitheach 

Dr Lára Ní Mhaoláin 

Gramadach na Nua-Ghaeilge Moiche, An Phailéagrafaíocht, Eagarthóireacht Téacsanna, An Rúraíocht, an Fhiannaíocht.  

Dr Tracey Ní Mhaonaigh 

An Fhoclóireacht, An Dírbheathaisnéis, Litríocht agus Oidhreacht Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, Stair na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, cúrsaí aistriúcháin agus eagarthóireachta, nuálaíocht oideolaíoch.  

An tOll. Tríona Ní Shíocháin 

Litríocht na Gaeilge agus an Traidisiún Béil, Amhránaíocht ar an Sean-nós, Ceol Traidisiúnta na hÉireann, Banfhilí agus Banchumadóirí, Canúintí na Mumhan, Taibhealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta, Cleachtas an Taibhithe agus na Cruthaitheachta, Teoiric na Béalaireachta, An Teoiric Shóisialta, Eitnicheoleolaíocht,  Polaitíocht agus Tairngreachtaí, Suibiachtúlachtaí Nua-aoiseacha, Stair na Smaointeoireachta. 

Dr Brian Ó Catháin 

An Fhoghraíocht, An Chanúineolaíocht, An tSochtheangeolaíocht, Teanga agus Béaloideas Árann, Stair an Léinn Cheiltigh sa Ghearmáin, Léann na Beathaisnéise. 

Dr Eoghan Ó Raghallaigh 

Filíocht Chlasaiceach agus Iarchlasaiceach na Gaeilge, An Chanúineolaíocht, Léann na Beathaisnéise. 

Is í aidhm an chláir ná clár struchtúrtha dochtúireachta sa Nua-Ghaeilge a chur ar fáil do mhic léinn ar mian leo tabhairt faoi ardtaighde i réimsí áirithe den disciplín. Is iad cuspóirí an chláir ná scileanna cineálacha.

Tús an chúrsa
Meán Fómhair (nó am eile a shocrófar)

Course Duration: 2 years Full-time, 3 years Part-time

Deiseanna Fostaíochta

Múinteoireacht ar an dara nó ar an tríú leibhéal; aistritheoireacht; iriseoireacht agus na meáin chumarsáide; riarachán.

Cur isteach ar an gcéim

Ar líne amháin via http://www.pac.ie/maynoothuniversity

Cód PAC
MHU04
MLitt Lánaimseartha
MHU05 MLitt Páirtaimseartha

Ba cheart an t-eolas seo a leanas a chur ar aghaidh chuig PAC
D’iarrthóirí nár bhain an bhunchéim amach in OÉ Má Nuad: cóip dá dTeastas Breithe nó de Phas bailí, Tras-scríbhinn Oifigiúil agus dhá  Theistiméireacht Acadúla mar thacaíocht lena n-iarratas.

Dáta Deiridh
31 Iúil. De ghnáth glactar le hiarratais ar chéimeanna taighde ag am ar bith.

Back to top