Teanga Ríomhchlárúcháin Úrnua Forbartha in Ollscoil Mhá Nuad

Eoin Davey ag míniú faoina theanga ríomhchlárúcháin Setanta
Thursday, October 1, 2020 - 12:00

Tháinig cúrsaí códúcháin agus cúrsaí Gaeilge le chéile ar bhealach thar a bheith speisialta ar champas Ollscoil Mhá Nuad níos luaithe i mbliana mar thoradh ar na tréaniarrachtaí a chuir duine denár mic léinn fhochéime isteach ina thionscadal deiridh. D’fhorbair Eoin Davey as Baile Easa Dara i gContae Sligigh, a bhfuil a chéim sa Ríomheolaíocht díreach bainte amach aige ó Ollscoil Mhá Nuad, teanga ríomhchlárúcháin oideachasúil a éascaíonn códú na gcluichí agus na mbeochan go hiomlán trí Ghaeilge.

Ag tarraingt ar mhiotaseolaíocht na hÉireann, is é an t-ainm a chuir Eoin ar an teanga a chruthaigh sé ná Setanta. Is in oiriúint d’úsáideoirí ar bheagán Gaeilge agus ar ard-chaighdeán Gaeilge atá Setanta agus do dhaoine le beagán réamheolais ar chúrsaí ríomhchlárúcháin chomh maith céanna le saineolaithe ar an ábhar úd. Tosaíonn úsáideoir amach le rang teagaisc idirghníomhach lán le spraoi a mhúineann na bunphrionsabail chódúcháin agus an foclóir Gaeilge atá ag teastáil don té lena mbaineann. Is féidir le héinne leas a bhaint as Setanta ar an suíomh seo a leanas: try-setanta.ie.