SFI research investment of €2.5mn in Maynooth University

Prof Ray O'Neill, Prof Mark Ferguson, Director General of Science Foundation Ireland, Minister John Halligan TD, Prof Paul Moynagh and Dr Joost Slingerland
Thursday, September 21, 2017 - 17:30

Irish Version
Minister for Training, Skills, Innovation, Research and Development, John Halligan TD today announced €2.5mn investment by Science Foundation Ireland (SFI) in research at Maynooth University through the SFI Investigators Programme.

Prof Paul Moynagh, Department of Biology, is awarded €2mn for a research project which will discover and exploit novel regulatory pathways in inflammation for therapeutic advantage. Dr. Joost Slingerland, Department of Theoretical Physics, is awarded €500,000 for research in quantum computation; exploring Topological Order, Entanglement and Quantum Information Processing.

We are familiar with the signs of inflammation. These are redness, swelling, pain and heat. These symptoms underlie an important process that is indispensable for clearance of disease-causing microbes from the body. However, if inflammation is not turned off we end up with chronic inflammatory diseases like diabetes and Crohn’s disease. In order to identify new treatments for these currently incurable diseases we need to identify the molecules in the body that control the inflammatory response. Prof Moynagh’s research investigates the role of Pellino proteins in inflammation with a view to assessing their importance in health and disease.

Quantum computers can in principle perform tasks which are impossible with traditional computing technology. This should spectacularly improve our capability to model complex physical systems including novel materials and chemicals. Quantum mechanical devices are easily disturbed by noise, but robust quantum hardware can be constructed using physical media with "Topological Order" which store information using global (topological) properties which are not affected by noise. Dr Slingerland’s project will find and characterise the possible types of topological order, propose and study devices which can measure and manipulate topological quantum information and work on methods to model topological systems on classical computers.

The investment is part of €43 million announced for 26 research projects including mathematical modelling, nanoscience, inflammatory diseases, cancer, materials, cattle breeding, seismology, communications and climate change.

Speaking at the announcement, Minister Halligan said: “This funding recognises some of Ireland’s top researchers and enables them to advance vital research areas in Ireland. I am confident that the teams being supported will generate important new scientific breakthroughs.  In addition, today’s investment provides 20 companies with access to invaluable expertise and infrastructure across the country. These collaborations between industry and academia are integral to further enhancing Ireland’s reputation for research excellence.”

Professor Mark Ferguson, Director General of Science Foundation Ireland and Chief Scientific Adviser to the Government of Ireland added: “The Science Foundation Ireland Investigators Programme funds outstanding individuals performing excellent, impactful research. The standard of applications for the SFI Investigators Programme was exceptionally high. The quality and quantity of excellent projects on the reserve list is clear evidence of the increasingly high standard of research in Ireland. I have the highest expectations for the projects funded today, and look forward to seeing the benefits to Ireland’s society and economy.”

Infheistíocht Fhondúireacht Eolaíochta Éireann i dTaighde ar fiú €2.5m í in Ollscoil Mhá Nuad

D’fhógair an tAire le freagracht as Oiliúint, Scileanna, Nuálaíocht agus Taighde agus Forbairt, John Halligan TD, inniu go bhfuil infheistíocht ar fiú €2.5m í déanta ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ) i gcúrsaí taighde in Ollscoil Mhá Nuad trí Chlár Taighdeoirí FEÉ.

Bronnadh €2m ar an Ollamh Paul Moynagh, Roinn na Bitheolaíochta, do thionscadal taighde a dhéanfaidh  fiosrúchán ar bhealaí rialála nua in athlasadh do thairbhe theiripeach. Bronnadh €500,000 ar an Dr Joost Slingerland, Roinn na Fisice Teoiriciúla, le taighde a dhéanamh ar ríomhaireacht chandamach; iniúchadh a dhéanamh ar Ordú Toipeolaíoch, ar Thranglam agus Phróiseáil Faisnéise Candamaí.

Tá taithí againn ar chomharthaí a bhaineann le hathlasadh. Is iad sin deirge, at, pian agus teas.  Is bunchuid iad na siomptóim seo de phróiseas tábhachtach atá riachtanach le miocróib atá ina gcúis le galair a ghlanadh ón gcorp. Mura n-éiríonn linn athlasadh a stopadh, áfach, d’fhéadfaimis a bheith fágtha le galar athlastach ainsealach amhail diaibéiteas nó galar Crohn. Le teacht ar chóir leighis nua a thabharfaidh aghaidh ar na galair dholeigheasta seo, ní mór dúinn na móilíní sa chorp a bhfuil smacht acu ar an bhfreagairt athlastach a aimsiú. Déanann taighde an Ollaimh Moynagh imscrúdú ar an ról a bhíonn ag próitéiní Pellino in athlasadh, le measúnú a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann leo i gcúrsaí sláinte agus galair.

Go teoiriciúil, is féidir le ríomhairí candamacha tascanna a dhéanamh nach féidir le teicneolaíocht ríomhaireachta traidisiúnta a chur i gcrích. Ba cheart go gcuirfeadh seo feabhas ollmhór ar ár gcumas córais fhisiciúla chasta a mhúnlú, ábhair agus ceimiceáin nua san áireamh. Is féidir le torann cur as do ghléasanna meicniúla candamacha go héasca ach is féidir crua-earraí candamacha atá láidir a thógáil ag úsáid meáin fhisiciúla a bhfuil “Ordú Toipeolaíoch” orthu. Déantar eolas a stóráil trí úsáid a bhaint as airíonna uilíocha (toipeolaíocha), airíonna nach mbíonn aon tionchar ag torann orthu. Aimseoidh tionscadal an Dochtúra Slingerland na cineálacha orduithe toipeolaíocha féideartha agus déanfar tréithriú orthu. Molfar agus déanfar staidéar ar na gléasanna ar féidir leo faisnéis thoipeolaíoch chandamach a thomhas agus a láimhseáil agus déanfar obair ar mhodhanna le córais thoipeolaíocha a mhúnlú ar ríomhairí clasaiceacha.

Is cuid den €43m a fógraíodh do shé thionscadal is tríocha í an infheistíocht seo lena n-áirítear múnlú matamaiticiúl, naineolaíocht, galair athlastacha, ailse, ábhair, tógáil eallaigh, seismeolaíocht, cumarsáid agus an t-athrú aeráide.

Agus é ag labhairt ag an bhfógairt, dúirt an tAire Halligan: “Tugann an maoiniú seo aitheantas do chuid de na taighdeoirí is fearr in Éirinn agus cuireann sé ar a gcumas dul chun cinn a dhéanamh i réimsí taighde riachtanacha in Éirinn. Táim muiníneach go ndéanfaidh na foirne a bhfuiltear ag tacú leo fionnachtana eolaíochta tábhachtacha nua. Ina theannta sin, tugann an infheistíocht seo deis don 20 comhlacht teacht ar shaineolas agus ar bhonneagar fíorúsáideach ar fud na tíre. Tá ról lárnach ag an gcomhoibriú seo idir earnáil na tionsclaíochta agus an saol acadúil maidir le cáil na hÉireann i dtaca le sármhaitheas thaighde a chur chun cinn.”

Chuir an tOllamh Mark Ferguson, Ard-Stiúrthóir Fhondúireacht Eolaíochta Éireann agus Príomhchomhairleoir Eolaíochta do Rialtas na hÉireann, leis an méid sin: “Cuireann Clár Taighdeoirí Fhondúireacht Eolaíochta Éireann maoiniú ar fáil do dhaoine aonair a bhfuil sárthaighde suntasach ar bun acu. Bhí caighdeán fíor-ard ag baint leis na hiarratais ar Chlár Taighdeoirí FFÉ. Léiríonn caighdeán agus líon na dtionscadal maith atá ar an liosta ionadaithe go bhfuil caighdeán an taighde in Éirinn ard agus go bhfuil sé ag dul ó neart go neart. Táim ag súil go mbeidh toradh sármhaith ar na tionscadail a maoiníodh inniu agus táim ag súil go mór leis an tairbhe a dhéanfaidh siad do shochaí agus do gheilleagar na hÉireann a fheiceáil.”