Ollamh de chuid Ollscoil Mhá Nuad roghnaithe do dheontas ardghradaim ón ERC ar fiú €1.8 milliún é

Thursday, March 12, 2015 - 00:00

Tá cistiú ar fiú €1.8 milliún é bronnta ag an gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC) ar an Ollamh David Stifter, Ollscoil Mhá Nuad, do thionscadal a dhéanfaidh dátú ar lion mór de théacsanna Éireannacha ón 7ú – 10ú hAois. Forbróidh an tionscadal seo modheolaíochtaí nuálacha le dátú a dhéanamh ar fhorbairt teangacha ársa. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as na modheolaíochtaí seo ar fud na cruinne. Tabharfaidh an taighde seo léargas nua ar litríocht, stair agus cultúr meánaoiseacha na hÉireann.  

Glactar leis gur tagarmharc atá sa dámhachtain ardghradaim seo maidir le cistiú taighde san Eoraip. Bhí an tOllamh Stifter ar dhuine den scothghrúpa a fuair deontas san earnáil do chomhdhlúthóir sna hEolaíochtaí Sóisialta agus sna Dána i mbliana agus níor bronnadh deontas ach ar bheirt in Éirinn. Chuaigh 516 duine san iomlán ó 29 tír éagsúil san iomaíocht don chistiú.

Beidh cúigear taighdeoirí faoi stiúir an Ollaimh Stifter, atá ina cheannasaí ar Roinn na Sean-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, ag obair ar an tionscadal ‘Chronologicon Hibernicum – A Probalistic Chronological Framework for Dating Early Irish Language Developments and Literature.’ Forbróidh “ChronHib” modheolaíochtaí nuálacha agus bogearraí sofaisticiúla agus úsáidfidh siad iad le hanailís theangeolaíoch a dhéanamh ar líon mór téacsanna ón Luath-Mheánaois.
Déanfaidh an tOllamh Stifter próifíliú ar athrú teanga i dtéacsanna ón ré sin trí mhionscrúdú a dhéanamh ar na hathruithe caolchúiseacha atá tagtha ar an teanga le himeacht aimsire agus trí mhodhanna staitistiúla casta a chur i bhfeidhm uirthi. Is é príomhthoradh na hoibre go gcruthófar bunachar sonraí ChronHib a bheidh ina phointe tagartha do dhátú teangeolaíoch ar théacsanna Éireannacha agus a bheidh mar shamhail do dhátú a dhéanamh ar theangacha ársa eile san Eoraip agus in áiteanna eile ar fud na cruinne.

Dar leis an Ollamh Stifter, beidh taighdeoirí ar fud na cruinne in ann úsáid a bhaint as na modhanna dátaithe nua seo sa chaoi chéanna a úsáidtear ciorcail crann mar tháscairí cróineolaíocha sa tseandálaíocht.
“Tá an dátú teangeolaíoch ar tí céim ollmhór chun tosaigh a thógáil trí leas a bhaint as féidearthachtaí teicneolaíochta an 21ú hAois. Trí mhodheolaíochtaí uathúla a fhorbairt agus a úsáid chun cabhrú linn dátú cruinn a dhéanamh ar na téacsanna fíorspéisiúla meánaoiseacha seo agus próifíl theangeolaíoch a chruthú den teanga atá iontu, is féidir linn nasc a chruthú idir an t-am atá caite agus an t-am i láthair. Toisc gur teanga thar a bheith casta í an tSean-Ghaeilge, cruthóidh rath an tionscadail seo samhail nua chun staidéar a dhéanamh ar theangacha eile a mbeidh fonn ar thaighdeoirí ar fud na cruinne aithris a dhéanamh uirthi,” a dúirt an tOllamh Stifter.

Is as an Ostair é an tOllamh Stifter ó dhúchas. Mheall an tsuim atá aige i dteangacha Ceilteacha agus an clú uathúil idirnáisiúnta atá ar Ollscoil Mhá Nuad i réimse na teangeolaíochta Gaelaí go hÉirinn é. “Agus mé i mbun staidéir sa Vín, bhí nath cainte inár Roinn ‘Má labhraíonn Maigh Nuad, tá sé in am dúinn éisteacht’ agus dá bhrí sin, nuair an tháinig an deis teacht chuig Ollscoil Mhá Nuad, thapaigh mé ar an bpointe í.”

D’aithin Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Philip Nolan, an tábhacht a bhaineann leis an dámhachtain seo: “Leanann an dámhachtain seo an traidisiún seanbhunaithe atá in Ollscoil Mhá Nuad taighde den scoth a dhéanamh i Roinn na Sean-Ghaeilge agus níl aon amhras ach go gcuirfidh an taighde atá déanta ag an Ollamh Stifter go mór lenár dtuiscint ar chuid de na teangacha agus de na cultúir is ársa ar domhan.”

Tá comhghairdeas déanta ag comhghleacaithe an Ollaimh Stifter leis, daoine atá ag obair réimse céanna. Is léir go bhfuil siad an-tógtha lena chuid taighde.
Dúirt an tOllamh Gregory Toner, Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Stiúrthóir ar Fhoclóir Leictreonach na Gaeilge (eDIL): “Cruthaíonn an tionscadal spreagúil seo bealaí nuálacha agus ceannródaíocha le dátú cruinn a dhéanamh ar théacsanna na Luath-Mheánaoise, rud a bhí thar a bheith dúshlánach go dtí seo. Tá deis ollmhór ag an tionscadal seo cuid mhór de na fadhbanna sa réimse taighde seo a réiteach agus cur go mór lenár dtuiscint ar Éirinn na Meánaoise.”

Dúirt an tOllamh Mary E. Daly, Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann: “Agus cuid de na lámhscríbhinní meánaoiseacha is tábhachtaí inár seilbh againn, ó bunaíodh Acadamh Ríoga na hÉireann bhí spéis aige soiléiriú a dhéanamh ar cheisteanna a bhain le dátú cruinn a dhéanamh ar théacsanna. Déanaimid comhghairdeas leis an Ollamh Stifter agus an dámhachtain ardghradaim seo bronnta air.”

Seo an méid a bhí le rá ag an An Ollamh Liam Breatnach, Stiúrthóir an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath: “Déanaim comhghairdeas leis an Ollamh Stifter agus cistiú faighte aige ón gComhairle Eorpach um Thaighde don tionscadal tábhachtach seo. Leis an gcur chuige cuimsitheach atá aige i leith dátaithe ar théacsanna Luath-Mheánaoiseacha, beidh an tionscadal Chronologicon Hibernicum mar acmhainn thábhachtach chun staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge, litríocht, stair agus cultúr na Luath-Mheánaoise.” 

Tá an tOllamh Stifter ina Stiúrthóir ar an MA i Léann Meánaoiseach na hÉireann in Ollscoil Mhá Nuad chomh maith.

Roinnt eolais faoin gComhairle Eorpach um Thaighde – Bhunaigh an tAontas Eorpach an Chomhairle Eorpach um Thaighde sa bhliain 2007. Is í an chéad eagraíocht chistithe do thaighde ceannródaíoch í. Feidhmíonn an ERC de réir cur chuige atá ‘bunaithe ar obair imscrúdaitheoirí’, cur chuige a fheidhmíonn ‘ón mbun aníos’. Ligeann sí do thaighdeoirí deiseanna nua a aimsiú i réimse taighde ar bith, gan tosaíochtaí téamúla a bheith acu. Gach bliain, roghnaíonn sí na taighdeoirí cruthaitheacha is fearr, as tír ar bith, is cuma cén aois iad le tionscadail a mhaireann ar feadh cúig bliana a chur i gcrích agus cuireann sí cistiú ar fáil dóibh. Ó bunaíodh í, tá maoiniú curtha ar fáil ag an ERC do bhreis agus 4,500 taighdeoir. Faoi Horizon 2020, an Clár Taighde nua de chuid an Aontais Eorpaigh (2014 – 2020), tá buiséad de bhreis agus €13 billiún ag an ERC.