MA sa Nua-Ghaeilge

Tuesday, March 10, 2020 - 16:00

Cúrsa é seo dóibh siúd ar spéis leo eolas leitheadach domhain a chur ar theanga agus ar shaíocht na Gaeilge ar mhaithe le forbairt ghairmiúil agus forbairt phearsanta. Leagtar béim ar chruinneas agus ar shaibhreas teanga tríd síos ach tugtar deis do mhic léinn díriú ar na sainábhair is spéis leo féin. Chuige sin, tugtar rogha do mhic léinn tabhairt faoi cheann amháin den dá shruth seo a leanas: • Cruinneas, Saibhreas agus Cumarsáid • Litríocht agus Critic Is féidir an chéim Mháistreachta a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain). Trí mheán scrúduithe agus tionscnaimh taighde a dhéantar obair na mac léinn a mheas.

  MA Nua-Ghaeilge   Postaer MA