Beo ar Éigean ar Champas Mhá Nuad

Sinéad Ní Uallacháin, Siún Ní Dhuinn agus Áine Ní Bhreisleáin, na podchraoltóirí ó Bheo ar Éigean, le hOifigeach Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad Brian Mac Maghnuis.
Tuesday, March 10, 2020 - 10:00

Bhí ríméad ar phobal Gaelach na hollscoile nuair a ghlac na phodchraoltóirí Sinéad Ní Uallacháin, Siún Ní Dhuinn agus Áine Ní Bhreisleáin leis an gcuireadh chun teacht amach chugainn ar champas le linn Sheachtain na Gaeilge 2020 agus eagrán dena bpodchraoladh Gaeilge mór le rá Beo ar Éigean a thaifeadadh beo inár measc. Is san Ionad in Aontas na Mac Léinn a cuireadh an ócáid ar siúl agus bhí slua i láthair chun fáilte a chur rompu den chéad uair, cé gur fáilte ar ais a bhí ann do Shiún a d’inis don slua gur chaith sí tréimhse leathbhliana ag múineadh leis an Roinn Froebel don Luath agus Bhunoideachas agus tréimhse leathbhliana eile ag obair mar Oifigeach na Gaeilge.

Oibríonn an triúr ban do RTÉ Raidió na Gaeltachta ar réimse leathan de chláracha agus tá a bpodchraoladh ag dul ó neart go neart ó thosaíodar é dhá bhliain go leith ó shin mar chuid d’ábhar digiteach Gaeilge an chraoltóra náisiúnta. Is fíor-ghreannmhar an triúr iad agus iad lán de chaint is de cheol le linn an taifeadta ach, cé go bhfuileadar an-mheidhreach mar chomhluadar, ní bhíonn drogall orthu labhairt go hoscailte agus go hionraic ar leibhéal níos doimhne, mar a bhí soiléir an oíche úd i Má Nuad. Ba é príomhábhar an phodchraolta ná na mionrudaí neafaiseacha a chuireann as dúinn inár saolta laethúla nó “pet peeves” mar a ghlaoitear orthu i mBéarla. Is féidir éisteacht siar ar an eagrán áirithe seo den phodchraoladh anseo: https://www.rte.ie/gaeilge/beo-ar-eigean/