Seisiún Oiliúna curtha ar fáil do mhic léinn ón Scéim Chónaithe

Cuid de na mic léinn ó Scéim Chónaithe Ollscoil Mhá Nuad 2015 - 2016
Wednesday, September 16, 2015 - 11:30

Chuir Oifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad seisiún oiliúna ar fáil do na mic léinn nua a bheidh mar chuid de Scéim Chónaithe Ollscoil Mhá Nuad 2015 – 2016, le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge.

Gach bliain cuirtear seomraí ar fáil dóibh siúd a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn ar champas na hOllscoile. Tugtar An Scéim Chónaithe ar seo agus tá na hárasáin lonnaithe in ‘Gaoth Dobhair’ ar an gcampas thuaidh.

Labhair Deirdre Ní Chearúil, Uachtarán Chuallacht Cholmcille, an Cumann Gaelach anseo san Ollscoil, leis na mic léinn faoin gCuallacht agus an méid a bhíonn ar siúl acu. Labhair Aedraen Ó Dubhghaill, Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn, leis na mic léinn faoin obair a bhíonn ar siúl aige leis an Aontas, faoi chearta teanga agus faoina thaithí féin mar mhac léinn in Ollscoil Mhá Nuad.

“Cuirimid fáilte ó chroí roimh na mic léinn a bheidh páirteach sa Scéim i mbliana,” arsa Orla Bradshaw, Oifigeach na Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad.
“Tá an t-ádh orainn go bhfuil daoine óga ar an Scéim atá tiomanta don Ghaeilge agus a chuirfidh go mór le pobal na Gaeilge anseo ar an gcampas. Beidh bliain den scoth acu. Gabhaim buíochas le Edel Ní Bhraonáin, Comhordaitheoir na Mac Léinn le Conradh na Gaeilge, chomh maith, a thacaigh linn ar an lá. ”

Cuireadh fáilte roimh na mic léinn agus tugadh an deis dóibh aithne a chur ar a chéile trí chluichí spraíúla a imirt agus obair ghrúpa a dhéanamh.  

Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Chónaithe ar fáil anseo: https://www.maynoothuniversity.ie/oifig-na-gaeilge/sc-im-ch-naithe-na-mac-l-inn