Scrúduithe TEG ar ais in Sydney na hAstráile

Anna Ní Ghallachair, Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge agus príomhscrúdaitheoir ionad TEG na hAstráile
Wednesday, June 21, 2017 - 17:15

In 2016, thug 33 duine faoi scrúdú Bhonnleibhéal 1 (A1) den Teastas Eorpach Gaeilge (TEG) in Sydney na hAstráile. Ba é seo an chéad uair riamh a cuireadh scrúduithe TEG ar siúl san Astráil. I mbliana thug grúpa iarrthóirí faoin gcéad chéim scrúdaithe eile. Reáchtáladh Bonnleibhéal 2 (A2) in Sydney i mí an Mheithimh agus cuireadh scrúdú Bhonnleibhéal 1 (A1) ar siúl do ghrúpa nua glantosaitheoirí.

Ba í stiúrthóir Lárionad na Gaeilge, Anna Ní Ghallachair, príomhscrúdaitheoir ionad TEG na hAstráile. Aitheanta go hidirnáisiúnta, agus ina bhall de ALTE (Association of Language Testing in Europe), leagann TEG spriocanna cinnte foghlama amach don Ghaeilge. Scrúdaítear inniúlachtaí teanga na n-iarrthóirí, idir labhairt agus scríobh. Tá scrúduithe TEG oscailte ní amháin d’fhoghlaimeoirí na hÉireann ach d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge go hidirnáisiúnta. Ba chúis áthais don Lárionad na scrúduithe seo a chur ar bun arís in Sydney agus tá sé i gceist scrúduithe TEG a leathnú amach anseo go hionaid eile go náisiúnta agus ar fud an domhain. 

Is ag cúig leibhéal éagsúla a chuirtear scrúduithe TEG ar fáil faoi láthair (Bonnleibhéal 1(A1) -  Ardleibhéal 1(C1)) agus is féidir le haon duine cur isteach ar na scrúduithe seo. Aithnítear an cháilíocht i gcomhthéacsanna oideachasúla agus gairmiúla. Mar shampla, úsáidtear na scrúduithe seo chun caighdeán Gaeilge múinteoirí ionchasacha agus cáilithe a mheas i réimsí an bhunoideachais, meánoideachais agus aosoideachais. Reáchtálfar scrúduithe Mheánleibhéal 2 (B2) agus Ardleibhéal 1 (C1) in Ollscoil Mhá Nuad i mí Lúnasa i mbliana.  Más spéis leat tabhairt faoi scrúdú, téigh go www.teg.ie  chun tuilleadh eolais a fháil.