Pangur Bán in Áras an Uachtaráin

An Dr Deborah Hayden, an Dr Siobhán Barrett, Sabina Uí hUigínn, Micheál D Ó hUigínn, Imogen Stuart agus an tOll David Stifter in aice leis an dealbh “Pangur Bán” i bhforhalla Áras an Uachtaráin.
Thursday, January 23, 2020 - 10:00

Tugadh cuireadh do mhuintir Roinn Sean-Ghaeilge Ollscoil Mhá Nuad chun dul go dtí Áras an Uachtaráin ar 21 Eanáir 2020 agus aithris a dhéanamh ar an dán Sean-Ghaeilge “Messe ocus Pangur Bán”. Is mar chuid de cheiliúradh a bhí sé óir bhí dealbh Imogen Stuart den scoláire agus dena chat (1976) á cur isteach i bhforhalla an Árais. Is snoiteán ollmhór i seacht bpáirt  leis an ealaíontóir Gael-Ghearmánach aitheanta í an dealbh seo.

Bhí sí coimisiúnaithe ar an gcéad lá riamh chun bheith curtha isteach in ionad siopadóireachta i nDún Laoghaire agus, ina dhiaidh sin, chaith sé blianta fada ar taispeáint sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Feictear sa dealbh an príomhábhar atá sa dán seo, a caomhnaíodh i lámhscríbhinn sa naoú haois ag manach Éireannach ar an Mór-Roinn agus atá faoi dhíon anois i Mainistir Naomh Pól i Lavanttal na hOstaire.

I láthair don searmanas bhí an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn agus a bhean chéile Sabina, ambasadóirí na hOstaire agus na Gearmáine go hÉirinn agus roinnt mhaith ball de theaghlach sínte Imogen Stuart. Le linn an tsearmanais féin, rinne an tOll David Stifter aithris ar an mbunleagan Sean-Ghaeilge den dán, rinne an Dr Deborah Hayden aithris ar an leagan Nua-Ghaeilge den dán a chóirigh Mícheál Rhodes agus rinne an Dr Siobhán Barrett aithris ar an aistriúchán Béarla den dán a chóirigh Robin Flower.

Mar thionlacan ceoil don triúr acu bhí Eibhlís Ní Ríordáin ag seinm ar a cláirseach. Labhair an tUachtarán ar nascanna cultúrtha an dáin le hÉirinn, leis an nGearmáin agus leis an Ostair agus thug an t-ealaíontóir féin caint aisti maidir le stair na deilbhe agus leis an méid a thug inspioráid di agus í i mbun dealbhóireachta.