Léacht Uí Chadhain 2019

An Dr Caoimhín Mac Giolla Léith, Cathaoirleach agus an tOllamh Regina Uí Chollatáin in éineacht leis an gcainteoir, an Dr Liam Mac Amhlaigh
Saturday, October 19, 2019 - 11:00

Sna sála ar bhaill foirne eile ó Ollscoil Mhá Nuad in imeacht na mblianta: Aisling Ní Dhonnchadha, Máire Ní Annracháin, Tadhg Ó Dúshláine, agus Breandán Ó Doibhlin, thug an Dr Liam Mac Amhlaigh Léacht Uí Chadhain 2019 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Déardaoin 17 Deireadh Fómhair leis an teideal: “'Tá na coiscéimeanna tar éis filleadh arís’: leanúnachas agus nua-aoiseachas san fhilíocht iarChadhnach.”
 
Príomhléacht bhliantúil nualitríocht na Nua-Ghaeilge is ea Léacht Uí Chadhain a reachtáltar in ómós an scríbhneora Máirtín Ó Cadhain. Labhair an Dr Mac Amhlaigh ar thréimhse lár na haoise seo caite, agus filíocht na Nua-Ghaeilge faoi bhláth ó aimsir an Direánaigh, an Ríordánaigh agus Mháire Mhac an tSaoi ar aghaidh chuig filí INNTI, agus cuid áirithe filí eile idir eatarthu. Theastaigh uaidh scrúdú a dhéanamh ar leoithne úr na hEorpa agus an Domhain ag dul i bhfeidhm ar scríbhneoirí Gaeilge na hÉireann le fáil amach ar tharla an nua-aoiseachas a bheith i dtreis i bhfilíocht na Nua-Ghaeilge an tráth sin. 
 
Áitíodh nach féidir leas a bhaint as lipéad mar fhilí nua-aoiseacha ná iar-nua-aoiseacha le ceart i gcás Davitt, Uí Mhuirthile, Rosenstock, Ní Dhomhnaill et al, ach gur gá fearas agus téarmaíocht nua chriticiúil a bhunú ar thréimhse eiseamláireach i bhfilíocht na teanga.