IRC Laureate awarded to Prof Patricia Palmer for first-ever digital map of Ireland’s vibrant 16th century ‘Renaissance’

Prof Pat Palmer
Thursday, April 11, 2019 - 14:00

Irish Version
The poets, patrons and political activists of the most culturally rich and tumultuous period of Ireland’s history will be digitally mapped for the first time in a project created by Maynooth University’s Prof Patricia Palmer.
 
The MACMORRIS project sets out to recover the vibrancy and complexity of Ireland’s transformative years between Henry VIII’s assumption of the kingship of Ireland in 1541 and the Flight of the Earls in 1607.
 
It is a radically new digital humanities project creating the first annotated and interactive digital map of all cultural players—from poets, patrons, and pamphleteers, to translators, travel-writers, and administrators—of this rich period in Irish history.
 
Spearheaded by Prof Patricia Palmer of the Maynooth University Department of English, and Arts and Humanities Research Institute, Mapping Actors and Contexts: Modelling Research in Renaissance Ireland in the Sixteenth and Seventeenth Century’ (MACMORRIS) has received just under €1 million in the IRC Advanced Laureate programme.
 
Minister for Education and Skills Joe McHugh, TD, paid tribute today to the 12 researchers who received a total of €11.8 million in IRC funding to conduct ground-breaking, world-class research across a wide range of disciplines.
 
“Funding frontier research is vital for us to compete with our counterparts on the global stage, and to promote Ireland as an attractive location for world-class talent, both homegrown and international, in order to bring new knowledge, skills and innovations to our research institutions,” the Minister said.
 
Speaking about the IRC Laureate Award, Prof Palmer said: “The MACMORRIS project opens a window on a world on the cusp of drastic change but where, for the moment, everything is still in play. Gaelic culture is vibrant; the English vernacular of the Pale is lively and colourful; agents of the Tudor conquest like Edmund Spenser bring the energies – often dark energies – of the English Renaissance to Ireland; and contact with mainland Europe is routine.
 
“MACMORRIS allows us to tap into a diverse, multilingual world that reminds us just how rich and complex the wellsprings of Irish culture are.”
 
Prof Ray O’Neill, Vice-President of Research and Innovation at Maynooth University, congratulated Prof Palmer on receiving the IRC Advanced Laureate Award.  “Prof Palmer’s pioneering field of research, which encompasses English, Irish Studies, History, European languages, as well as the digital humanities, is a shining example of the strong multidisciplinary culture of excellent research being conducted at Maynooth University,” he said.
 
“The creation of the Laureate Awards Programme in 2017 by the IRC was an immensely important initiativein advancing frontier research across all disciplines, as it invests in exceptional research and researchers, such as Prof Palmer. The IRC deserves great credit for this initiative.”
 
The Irish Research Council opened the first call under the Laureate Awards Programme in 2017, resulting in 36 awards with an associated investment of €18 million. Further information on the Advanced Laureate Awards is available at:  http://research.ie/funding/advanced-ircla/?f=principal-investigator-led


Gradam Laureate na CTÉ bronnta ar an Ollamh Patricia Palmer don chéad mhapa digiteach riamh de ‘Renaissance’ beoga na hÉireann sa Séú Aois Déag

Tá Ardghradam na Comhairle um Taighde in Éirinn 2019 de luach €1 milliún tar éis bheith bronnta ar an Ollamh Patricia Palmer, Roinn Béarla Ollscoil Mhá Nuad

Beidh filí, pátrúin agus gníomhaithe polaitiúla ón tréimhse is saibhre in Éirinn ó thaobh an chultúir de a raibh ina cíor thuathail ó thaobh na staire de mapáilte go digiteach den chéad uair riamh do thionscadal atá cruthaithe ag an Ollamh Patricia Palmer.

Tá sé mar sprioc ag an tionscadal MACMORRIS beocht agus castachtaí na mblianta claochlaitheacha ó insealbhaíodh Anraí a hOcht go dtí gur tharla Teitheadh na n-Iarlaí a thabhairt chun solais.
Is tionscadal daonnachtaí digiteacha úrnua é a chruthóidh an chéad mhapa digiteach anótáilte agus idirghníomhach de na pearsai cultúrtha go léir – filí, pátrúin, paimfléadaithe, aistritheoirí, scríbhneoirí taistil agus riarthóirí ina measc –  ón tréimhse shaibhir seo i stair na hÉireann.

Forbartha ag an Ollamh Patricia Palmer ó Roinn Béarla agus Institiúid Ealaíon agus Daonnachtaí Ollscoil Mhá Nuad, tá ábhairín níos lú ná €1 milliún i gClár Ardghradam Laureate na Comhairle um Thaighde in Éirinn faighte ag ‘Mapping Actors and Contexts: Modelling Research in Renaissance Ireland in the Sixteenth and Seventeenth Century’ (MACMORRIS).

Thug an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh, TD, óráid as a bhí tiomanta don 12 taighdeoir a fuair €11.8 milliún ar an iomlán i maoiniú ón gCTÉ chun taighde ceannródaíoch ar ard-chaighdeán a chur i gcrích thar réimse leathan de dhisciplíní.

“Is fíor-thábhachtach an rud é taighde teorann a mhaoiniú ionas gur féidir linn dul in iomaíocht lenár macasamhlacha ar bhonn domhanda agus chun Éire a chur chun cinn mar áit tharraingteach do thallann ar ard-chaighdeán, bíodh siad náisiúnta nó idirnáisiúnta, chun eolas, scileanna agus seifteanna nua a chur ar fáil do na hinstitiúidí taighde”, a dúirt an tAire.

Ag labhairt faoi Ghradam Laurete na CTÉ, dúirt an tOllamh Palmer: “Osclaíonn an tionscadal MACMORRIS fuinneog dúinn ar dhomhan áirithe agus é ar tí athrú thar cuimse sar i bhfad cé go raibh chuile shórt fós ag dul ar aghaidh. Cultúr Gaelach breá bríomhar; Béarla phobal na Páile faoi bhláth; gníomhairí choncas na dTúdarach ar nós Edmund Spencer le fuinneamh an Renaissance ó Shasana – agus é dorcha go mion minic – á thabhairt go hÉirinn acu; agus teagmháil le Mór-Roinn na hEorpa ag tarlú go rialta.

“Tugann MACMORRIS léargas dúinn ar an domhan éagsúil, ilteangach seo agus cuireann sé i gcuimhne dúinn an saibhreas agus na castachtaí a bhaineann le fréamhacha chultúr na hÉireann.”
Ghabh an tOllamh Ray O’Neill, Leas-Uachtarán don Taighde agus don Nuálaíocht in Ollscoil Mhá Nuad, comhghairdeas leis an Ollamh Palmer tar éis di Ardghradam Laureate na CTÉ a bhaint amach. “Baineann taighde ceannródaíoch an Ollaimh Palmer le Béarla, Léann na Gaeilge, Stair, na teangacha Eorpacha, chomh maith le daonnachtaí digiteacha agus is cruthúnas é ar an gcultúr ildhisciplíneach láidir de shárthaighde ag dul ar aghaidh in Ollscoil Mhá Nuad”, a dúirt sé.

“Bunaíodh Clár na nGradam Laureate sa bhain 2017 ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn agus tionscanamh fíor-thábhachtach a bhí ann chun taighde teorann a fhorbairt sna disciplíní go léir, mar déantar infheistíocht i dtaighde eisceachtúil agus i dtaighdeoirí eisceachtúla ar nós an Ollaimh Palmer. Tréaslaím an tionscanamh seo go mór leis an gCTÉ.”

Chuaigh an Chomhairle um Thaighde in Éirinn ar thóir iarratas den chéad uair faoi Chlár na nGradam Laureate sa bhliain 2017 agus bhí 36 gradam le hinfheistíocht de €18 milliún fite fuaite leo mar thoradh ar an nglaoch seo. Tá tuilleadh eolais faoi na hArdghradaim Laureate ar fáil ag: http://research.ie/funding/advanced-ircla/?f=principal-investigator-led