Gearrscannán Gaeilge in Ómós don Athair Peadar

An Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Eoin P Ó Murchú, Muireann Ní Chorcora agus Aodh Ó Gallchóir i mbun scéalaíochta ar champas theas Ollscoil Mhá Nuad ina radhairc sa ghearrscannán Séadna.
Monday, March 23, 2020 - 13:00

Ar 21 Márta 2020 bhí céad bliain caite ó cailleadh an tAthair Peadar Ó Laoghaire, an feachtasóir teanga agus ceannródaí liteartha a scríobh an chéad úrscéal Gaeilge riamh, Séadna, i measc a ghaiscí eile. I bhfad roimh don Athair Peadar clú agus cáil a bhaint amach dó féin le linn thréimhse Athbheochan na Gaeilge, chaith sé sé bliana i mbun staidéir i gcliarscoil Choláiste Phádraig, Má Nuad. Mar aitheantas ar an dlúthnasc idir eisean agus Má Nuad agus chun ómós a dhéanamh dó ar ócáid an chomórtha, tháinig Gaeilgeoirí ar champas Ollscoil Mhá Nuad, idir mhic léinn agus baill foirne, le chéile chun gearrscannán a dhéanamh ina n-athinsítear Séadna.

Is fréamhaithe i dtraidisiún béil na hÉireann a théann i bhfad siar é Séadna, a cheiliúrann cineáltas, ionracas agus muintearas an duine lena sceal den chomhrac idir gnáthghréasaí darb ainm Séadna agus an diabhal é féin. Bhí an gearrscannán taifeadta i Mí Feabhra na bliana seo in áiteanna eagsúla ar champas theas na hollscoile óir tuigtear go mbíodh an tAthair Peadar ag caitheamh roinnt mhaith ama iontu ar fad agus é ina scoláire le Coláiste Phádraig sna 1860í. Is léiriú ar ard-chaighdeán é mar thoradh ar rannpháirtíocht fhísghrafadóir na hollscoile Daniel Balteanu a oibríonn leis an Oifig Cumarsáide.

I mbun scéalaíochta sa ghearrscannán thar cheann na foirne tá an Dr Tracey Ní Mhaonaigh ó Roinn na Nua-Ghaeilge, Aodh Ó Gallchóir ó Lárionad na Gaeilge agus Brian Mac Maghnuis ó Oifig na Gaeilge agus thar cheann na mac léinn feictear beirt sa dara bliain le Roinn na Nua-Ghaeilge, Máire Ní Churraoin agus Muireann Ní Chorcora, agus mac léinn dochtúireachta de chuid na Roinne, Eoin P Ó Murchú. Ní hamháin go ndearnadar ar fad éacht ach casann Sailí Ní Dhroighneáin amhrán ar an sean-nós dár teideal “Slán le Máigh” thar na teidil chreidiúna freisin chun an scéilín brónach ach dóchasach a thabhairt chun críche go snasta. Tá an-rath ar an ngearrscannán ó eisíodh ar You Tube é don chomóradh ar chéad bliain ó cailleadh an tAthair Peadar agus is féidir breathnú air go fóill ar https://mu.ie/seadna.