Duaiseanna bronnta ag Ollscoil na hÉireann ar thriúr mac léinn na Gaeilge ó Ollscoil Mhá Nuad

Thursday, November 10, 2016 - 17:15

Ar an 9 Samhain, bhronn Ollscoil na hÉireann duaiseanna ar thriúr mac léinn na Gaeilge ó Ollscoil Mhá Nuad ag searmanas speisialta ag an mBrú Ríoga, Cill Mhaighneann.
 
Tugann duaiseanna Ollscoil na hÉireann aitheantas agus tacaíocht do scoláirí den scoth ag céimeanna éagsúla dá gcuid staidéir acadúla, ó bhunchéimithe go scoláirí sinsearacha atá seanbhunaithe ina gcuid réimsí saineolais.
 
Bronnadh roinnt duaiseanna ar mhic léinn atá i mbun staidéar ar an nGaeilge ag an searmanas i measc go leor duaiseanna eile. Tugtar na duaiseanna seo gach bliain do mhic léinn Gaeilge i gcomhollscoileanna OÉ bunaithe ar a gcuid torthaí scrúdaithe.
 

Bhronn Seainsailéir Ollscoil na hÉireann, an Dr Muiris Ó Mainnín, Scoláireachtaí Liteartha an Dr. H H Stewart sa Ghaeilge ar bheirt mhac léinn de chuid Ollscoil Mhá Nuad, Miriam Fitzsimons (thuas) ​agus Kevin Boushel (thíos). Is ball de Scéim Chónaithe Ollscoil Má Nuad í Miriam agus is é Kevin Uachtarán Chuallacht Cholmcille, Cumann Gaelach Ollscoil Mhá Nuad.

 


 
Bronnadh Duais Chiste Theach an Ardmhéara sa Ghaeilge 2016 ar Caroline Mary Hourigan (thíos) ó Ollscoil Mhá Nuad. Bhain Caroline céim sa Nua-Ghaeilge amach in Ollscoil Mhá Nuad agus tá Máistreacht Gairmiúil san Oideachas Meánscoile ar bun aici anois.
 

Tá tuilleadh eolais faoin na duaiseanna atá ar fáil gach bliain ó Ollscoil na hÉireann ar fáil ag http://www.nui.ie/awards/. Osclófar an comórtas do dhuaiseanna 2017 go luath san athbhliain.