Comhdháil in Ómós don Dr Aisling Ní Dhonnchadha

An Dochtúir Aisling Ní Dhonnchadha ag comhdháil lae den teideal “I mBun Aistir agus Athléimh” in ómós di lena comhghleacaithe ó Roinn na Nua-Ghaeilge
Tuesday, August 13, 2019 - 14:45

Beidh an Dr. Aisling Ní Dhonnchadha ag éirí as a post léachtóireachta i Roinn na Nua-Ghaeilge an samhradh seo tar éis nach mór tríocha bliain ar champas. Mar chomhartha ómóis di as gach a bhfuil déanta aici le blianta fada i réimse an léinn, ar ábhar na gearrscéalaíochta ach go háirithe, chuir a comhghleacaithe roinne comhdháil lae den teideal “I mBun Aistir agus Athléimh” in eagar i Mí an Mheithimh. Bhí an Dochtúir Ní Dhonnchadha, a clann mhac agus gaolta eile i láthair don ócáid cheiliúrtha chomh maith le cairde agus comhghleacaithe léinn ní amháin ón ollscoil seo ó cheann ceann na tíre, na hollaimh Gearóid Denvir, Máire Ní Annracháin, Regina Uí Chollatáin agus Máirín Nic Eoin ina measc. 

Ó thaobh ábhair na gcainteanna de, clúdaíodh ceist an neamhní in úrscéalaíocht Bhreandáin Uí Dhoibhlin ag an Ollamh Fionntán de Brún agus an dara leabhar a scríobh Muiris Ó Súilleabháin nár foilsíodh riamh, Fiche Bliain Faoi Bhláth, ag an Dochtúir Tracey Ní Mhaonaigh agus an chros-síolracht i ngearrscéalta Phádraic Bhreathnaigh ag an Dochtúir Laoise Ní Cheallaigh, bean léinn a bhí stiúrtha ag an Dr Ní Dhonnchadha agus a taighde dochtúireachta ar bun aici. Mar sméar mhullaigh ar an gcomhdháil lae thug an tOllamh Nic Eoin, atá tar éis roinnt leabhar a scríobh i gcomhar leis an Dr Ní Dhonnchadha, caint aisti inár phléigh sí bean na hócáide go tochtach mar léitheoir báúil agus mar chritic ghéarchúiseach.