Ceolchoirm Dhátheangach ar mhaithe le Clann Shíomóin

Monday, December 19, 2016 - 15:15

Thuas: Mic leinn ón Scéim Chónaithe in éineacht leis an Dr. Seán Ó Riain (ar dheis), Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Kevin Boushel (sa lár), Uachtarán Chuallacht Chomcille, agus Orla Bradshaw (ar chlé), Oifigeach na Gaeilge. 

Tháinig baill foirne agus mic léinn ó Ollscoil Mhá Nuad le chéile ar an 15 Nollaig do cheolchoirm Nollag. Ócáid dhátheangach a bhí ann ar mhaithe le Clann Shíomóin. 

Ghlac baill foirne chomh maith le mic léinn idirnáisiúnta atá ag freastal ar ranganna Gaeilge, baill de Chuallacht Cholmcille (Cumann Gaelach na hOllscoile), mic léinn ón Scéim Chónaithe agus mic léinn ó chúrsaí eile, páirt san ócáid.

Chuir na mic léinn idirnáisiúnta tús leis an ócáid lena leagan de ‘Amhrán na gCupán’ agus ‘Báidín Fheidlimí’. Chuir Dúlra Hanley, Liam Óg Ó hOistín agus Kevin Boushel ceol traidisiúnta ar fáil. Chas Liam Óg Ó hOistín roinnt amhrán ó TG Lurgan. Bhí amhránaíocht ar an sean nós le cloisteáil ó Étáin Ní Churraoin, mac léinn na chéad bhliana, agus ó Shailí Ní Dhroighneáin, Lárionad na Gaeilge. Léigh Ollie Durack, Seirbhísí Campais, dán dátheangach agus chuir Kevin Boushel deireadh leis an ócáid le ‘Oíche Chiúin’. 

Bailíodh breis agus €300 ag an ócáid don charthanas. Tá alt faoin ócáid le feiceáil ar Tuairisc.ie.