The Muskerry Queen of Song - Oíche na Scéalta Ceolmhara

Is in ómós do Bhess Cronin a bheidh an oíche seo
Saturday, October 5, 2019 - 19:00
Halla Renehan, An Campas Theas, Ollscoil Mhá Nuad
Is duine de mhóramhránaithe ar an sean-nós i stair an cheoil thraidisiúnta in Éirinn í Elizabeth (Bess) Cronin. Bhí an-thiochar ag a hamhráin agus a stíl amhránaíochta ar na glúnta d'amhránaithe Éireannacha agus Gaelacha a tháinig ina diaidh. Bíodh agus gur chaith sí a saol go léir sa Ghaeltacht i mBaile Bhuirne ar theorainn Chorcaí agus Chiarraí, scaipeadh a clú agus a cáil ar fud an domhain mhóir ó na 1940í ar aghaidh tar éis di roinnt taifeadaí a dhéanamh leis an staraí ceoil Meiriceánach mór le rá, Alan Lomax, agus tar éis di bheith le cloisint ar an tsraith BBC, As I Roved Out.
 
Tabharfaidh an craoltóir Donal Dineen tríd a saol agus a hoidhreacht muid i gcomhluadar lena gariníonacha agus na hamhránaithe ceiliúrtha, Eilish Ní Thuama agus Seósaimhín Uí Chullanáin, agus leis an aoi speisialta don oíche, amhránaí ar an sean-nós as Cill Dara agus alumna de chuid Ollscoil Mhá Nuad, Eithne Ní Chatháin. Beidh oíche spleodrach, ealaíonta dhátheangach ann agus ní mór do dhíograiseoirí sean-nóis ón gceantar máguaird bheith i láthair. Is ócáid de chuid Fhéile Léitheoirí Chill Dara i gcomhpháirt le hOllscoil Mhá Nuad í seo. Tá tuilleadh eolais faoin bhféile ar fáil anseo: http://kildare.ie/library/readersfestival/ Má tá suim agat a bheith i láthair ag an oíche cheiliúrtha seo, cuir ríomhphost ar aghaidh chuig oifig.nagaeilge@mu.ie roimh 5ú Deireadh Fómhair. Tá líon na spásanna teoranta.