An chéad seimineár sa Nua-Ghaeilge

‘Meiogiolach gabhair agus mac bitse’. An tAthair Peadar agus Beirt Fhear i mbun comhrá
Tuesday, October 24, 2017 - 11:45

 

 
Cuireadh tús le sraith nua seimineár taighde sa Nua-Ghaeilge Dé hAoine 20 Deireadh Fómhair nuair a thug an Dr Tracey Ní Mhaonaigh caint, i Leabharlann an Ruiséalaigh, ar litreacha leis an Athair Peadar Laoghaire, agus é ag scríobh chuig Séamus Ó Dubhghaill (Beirt Fhear), atá á gcoimeád i Leabharlann an Ruiséalaigh. Mhair an comhfhreagas eatarthu tréimhse 8 mbliana déag, ó mhí Aibreáin 1899 go dtí mí an Mheithimh 1917—tréimhse an-tábhachtach i scéal na Gaeilge agus obair Chonradh na Gaeilge faoi lánseol, An Claidheamh Soluis tagtha ar an saol agus ceisteanna teanga agus cultúir á gcur agus á bplé.

Tabharfar dhá sheimineár eile le linn an tseimeastair seo, labhróidh an Dr Lára Ní Mhaoláin ar Táin Bó Fliodhaise Dé hAoine 24 Samhain ar 3:00 (JHL4) agus ar an 15 Nollaig ar 1:00 (JHL4) tabharfaidh an Dr Brian Ó Catháin caint ar leabhar neamhfhoilsithe a scríobh an tAthair Tomás S. Ó Láimhín ar Ghaeilge Oirthear Mhaigh Eo.