Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2018 le bronnadh ar Phádhraic Ó Ciardha

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2018 le bronnadh ar Phádhraic Ó Ciardha
Wednesday, October 24, 2018 - 14:30

Tréaslaíonn Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, a ghradam lenár gcomhghleacaí, Pádhraic Ó Ciardha, a bhfuil Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2018 le bronnadh air i gCill Airne http://www.antoireachtas.ie/nuacht/buaic-ghradam-cumarsaide-an-oireachtais-2018-fogartha.html Tá an gradam le bronnadh ar Phádhraic ar son a shaothar ceannródaíochta in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge thar thréimhse fada blianta.