120 Bliain na Cuallachta agus Seoladh leabhar nua an Doibhlinigh

Fionntán de Brún, Pádhraic Ó Ciardha, Tracey Ní Mhaonaigh, Dúlra Ní Áinle agus John Ó Loideáin
Thursday, March 8, 2018 - 08:15

Ar an 21 Feabhra thug an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Roinn na Nua-Ghaeilge, léacht ar stair Chuallacht Cholm Cille mar chuid de chomóradh 120 bliain na Cuallachta, agus labhair Pádhraic Ó Ciardha, John Ó Loideáin agus Dúlra Ní Áinle (Uachtarán reatha) faoina dtaithí féin leis an gCuallacht. Ina dhiaidh sin, sheol an tOll. Fionntán de Brún, Roinn na Nua-Ghaeilge, an t-úrscéal is déanaí ó pheann Bhreandáin Uí Dhoibhlin, Sliocht ar Thír na Scáth.