Tionól fíorúil dhá lá - Taighde Dána; Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge 08-09 Deireadh Fómhair 2021

Friday, October 8, 2021 - 09:15 to Saturday, October 9, 2021 - 17:00
Zúm

Is cúis áthais do Roinn na Nua-Ghaeilge a fhógairt go mbeidh tionól fíorúil dhá lá dar teideal Taighde Dána: Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge ar siúl 08-09 Deireadh Fómhair 2021. Tá saorchead isteach, ach is gá clárú roimré ag nua.ghaeilge@mu.ie . Tá clár na n-imeachtaí le fáil anso [nasc go dtí clár na n-imeachtaí].
 
Is tionól é seo a dhíríonn ar an gcleachtas cruthaitheach agus ar an machnamh teoiriciúil in aonacht. Déanfar plé ann ar ghnéithe éagsúla den chruthaitheacht agus den bhéalaireacht, agus díreofar go speisialta ar an taighde ealaíonta, ina nasctar an gníomh cruthaitheach agus an smaointeoireacht féin go dlúth ar a chéile. Cuirfear meascán de chainteanna agus de cheardlanna ar fáil, agus leagfar béim go speisialta ar an eolas ar leith a eascraíonn as an gcleachtas cruthaitheach féin. Cuirfidh scoláirí, ealaíontóirí, múinteoirí, agus pobal na Gaeilge i gcoitinne suim mhór in imeachtaí an tionóil agus fáilteofar roimh chách. Reachtálfar an tionól ar líne trí mheán Zoom in 2021.
 
Tá an tionól seo á rith le tacaíocht mhaoinithe ón bhFóram Náisiúnta um Fheabhsú  Teagaisc agus Foghlama san Ardoideachas (National Forum for theEnhancement of Teaching and Learning in Higher Education). Trí mheascán de cheardlanna sa chleachtas cruthaitheach agus de chainteanna, forbróidh an tionól spás inar féidir le hoideolaíochtaí nuálacha agus paraidímí nua don taighde ealaíonta trí mheán na Gaeilge teacht chun cinn. Eagraíocht is ea an Fóram Náisiúnta um Fheabhsú Teagaisc agus Foghlama san Ardoideachas a thacaíonn le forbairt ghairmiúil mhúinteoirí, le cur chun cinn an teagaisc sa ré dhigiteach, le feabhsú na múinteoireachta agus na foghlama, le rath na mac léinn ar an tríú leibhéal, agus le forbairtí nuatha laistigh de dhisciplíní ar leith. Tá tuilleadh eolais fé obair an Fhóraim Náisiúnta um Fheabhsú Múinteoireachta agus Foghlama san Ardoideachas le fáil aran suíomh idirlín https://www.teachingandlearning.ie/ agus tá físeán eolais fénagcuid oibre le fáil anseo: https://www.teachingandlearning.ie/conferencevideo/
 
Saorchead isteach don phobal ach clárú roimré
Tá saorchead isteach ach clárú roimré ag nua.ghaeilge@mu.ie. Tá na spásanna do na ceardlanna cruthaitheacha teoranta, mar sin ní mór clárú roimré dóibh sin go luath.
 
Cúrsa ar mhaithe le Forbairt Phearsanta agus Ghairmiúil: NG636 (10 gcreidiúint)
An múinteoir tú a bhfuil cúrsa oiriúnach á lorg agat ar mhaithe leis an bhforbairt ghairmiúil? An ealaíontóir tú ar mhaith leat cur le do chuid eolais ar an gcleachtascruthaitheach agus ar an dtraidisiún béil? An mac léinn PhD tú atá ag freastal ar ollscoil in Éirinn, san Eoraip, nó in aon áit ar domhan, gur mhaith leat modúl 10 gcreidiúint a dhéanamh ar bhonn seachtrach mar chuid de riachtanaisí do chéime PhD san ollscoil ina bhfuilir cláraithe?
 
Is féidir creidiúintí a thuilleamh ó Ollscoil Mhá Nuad do mhodúl iarchéime NG636 atá nasctha leis an dtionól seo ach iarratas a chur fé bhráid na hOllscoile roimré agus an measúnú don mhodúl a chur i gcrích go sásúil. Tuilleadh eolais:nua.ghaeilge@mu.ie .

  Tionól fíorúil dhá lá - Taighde Dána; Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge 08-09 Deireadh