Taighde Dána

Friday, October 14, 2022 - 10:30 to Saturday, October 15, 2022 - 17:00
Maynooth University

Taighde Dána: Tionól Ealaíonta, Ollscoil Mhá Nuad 14-15 Deireadh Fómhair 2022

Is tionól é seo a dhíríonn ar an gcleachtas cruthaitheach agus ar an machnamh ealaíonta in aonacht. Déanfar plé ann ar ghnéithe éagsúla den chruthaitheacht, den chleachtas, den bhéalaireacht, den traidisiún, is den nuálacht, agus díreofar go speisialta ar an taighde ealaíonta, ina nasctar an gníomh cruthaitheach agus an smaointeoireacht féin go dlúth ar a chéile. Cuirfear meascán de chainteanna agus de cheardlanna ar fáil, agus leagfar béim go speisialta ar an eolas ar leith a eascraíonn as an gcleachtas cruthaitheach féin. Gheofar peirspictíochtaí úra ó réimse leathan ealaíontóirí - damhsóirí, ceoltóirí, amhránaithe, scríbhneoirí, agus lucht amharclannaíochta ina measc.

Tabharfaidh Taighde Dána idir ealaíontóirí agus scoláirí le chéile ar aon láthair amháin chun todhchaí nua a shamhlú d’ealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun allagar beo cruthaitheach lán-Ghaeilge a chraobhscaoileadh ar fud an domhain.

Ealaíontóirí/Aoichainteoirí: Celia de Fréine, Eoin McEvoy, Tadhg Mac Dhonnagáin, Odi Ní Chéileachair, Mairéad Ní Mhaonaigh, Étáin Ní Churraoin, Liam O'Connor ,Séamus Barra Ó Súilleabháin  Siobhán Ní Dhuinnín, Siobhán Ní Mhuimhneacháin, Maebh Ní Dhuinnín, Nada Ní Chuirrín, Marina Ní Dhubháin, Tríona Ní Shíocháin

Clár na comhdhála:    
Tá an tionól seo á rith le tacaíocht mhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge agus ó Lárionad na Gaeilge agus Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.
  Taighde Dána 2022
Saorchead isteach agus Fáilte roimh chách

Ba chóir clárú roimré ag https://forms.office.com/r/twfMHU2zZa  

Eolas: taighdedana@mu.ie

Tá na spásanna do na ceardlanna cruthaitheacha teoranta, mar sin ní mór clárú roimré dóibh sin go luath.

Stiúrthóirí an Tionóil: Nada Ní Chuirrín agus Tríona Ní Shíocháin, Ollscoil Mhá Nuad