Sraith Seimineár Taighde Roinn na Nua-Ghaeilge, Earrach 2018

Seimineár Taighde
Friday, April 27, 2018 - 15:00
Foirgneamh John Hume JH4

Tabharfar an tríú seimineár i sraith seimineár taighde an Earraigh Dé hAoine 27 Aibreán 2018 3:00 i.n. JHL4. Is iad an Dr Aisling Ní Dhonnchadha, Ollscoil Mhá Nuad, agus an tOllamh Máirín Nic Eoin, DCU, a bheas i mbun cainte agus is é a bheas faoi chaibidil acu, Cén léargas a thugann nualitríocht na Gaeilge dúinn ar eispéireas na hóige in Éirinn? Beifear ag tarraingt go háirithe ar fhianaise an leabhair, Aois na hÓigeDíolaim Próis, Aisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin eag., (Cló Iar-Chonnacht, 2017) agus beidh cóipeanna den leabhar ar díol ag an seimineár. Beidh sólaistí ar fáil i ndiaidh an tseimineáir sa seomra caidrimh (foirgneamh na nEalaíon).
 
 
Tuilleadh eolais : Fon +353 01 708 3666
SG: www.maynoothuniversity.ie/nua-Ghaeilge-modern-irish/news
http://www.irishtimes.com/culture/treibh/gaeltogs-an-ghaeltacht-agus-an-óige-1.3452745