Seisiún eolais ar an MA Nua-Ghaeilge

Monday, June 27, 2022 - 12:45
Zoom

Beidh seisiún eolais faoi na deiseanna iontacha atá ar fáil d'ealaíontóirí cruthaitheacha ar an MA Nua-Ghaeilge ar siúl Dé Luain 27 Meitheamh ar a 12.45 thar Zoom. Más amhránaí/ceoltóir/damhsóir/aisteoir/scríbhneoir thú agus más mian leat speisialtóireacht a fhorbairt sa chleachtas cruthaitheach AGUS sa Ghaeilge ag an am gcéanna, cuirfidh tú an-suim san MA Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Is féidir clárú ag nua.ghaeilge@mu.ie agus beidh fáilte roimh chách. Seisiún eolais deiseanna cruthaitheacha