Seimineár Taighde Roinn na Nua-Ghaeilge 2022

Thursday, November 17, 2022 - 17:00 to 18:00
TSI030 (An Campus Thuaidh)

Tabharfar an dara seimineár Déardaoin, 17 Samhain 2022  ar  17:00, i seomra TSI030, Foirgneamh TSI (An Campas Thuaidh), nuair a labhróidh an tOll. Meidhbhín Ní Úrdail, ar
'Pádraig Ó Laoghaire (1870 - 1896): "fear foghlamtha géarchchúiseach glic stuama teasghrách saothrach'''.

Seolfaidh an tOllamh Mícheál Mac Craith Irisleabhar Mhá Nuad 2022, in eagar ag an Dr. Tracey Ní Mhaonaigh, díreach i ndiaidh an tseimineáir ag fáiltiú speisialta a thabharfaidh chomh fada leis An Tolg Liteartha sinn, ócáid speisialta liteartha faoi choimirce na hOllscoile i gcomhpháirt le hOireachtas na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Féile Léitheoirí Chill Dara.

Fáilte roimh chách go dtí na himeachtaí go léir!