Ceardlanna scríbhneoireachta

Saturday, May 15, 2021 - 19:00 to 21:00
ZOOM

Ceardlanna scríbhneoireachta ar théama an dinnseanchais á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Cúirt 2021.
 
Stiúrthóirí na gCeardlann:
Máire Uí Dhufaigh agus Micheál Ó Conghaile

Tá sé i gceist ag an bhFéile Idirnáisiúnta Litríochta CÚIRT i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, dhá cheardlann a eagrú  trí Zoom do scríbhneoirí Gaeilge i rith mhí na Bealtaine, 2021. An téama a bheidh ag na ceardlanna ná 'Saothair Nuascríofa Bunaithe ar an Dinnseanchas'.

Ceardlann 1: Filíocht, 10 Bealtaine 2021, 19.00–21.00

Ceardlann 2: Prós, 17 Bealtaine 2021, 19.00–21.00

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí Gaeilge ar mhaith leo a bheith páirteach sna ceardlanna saothar dá gcuid (dán nó dhó nó píosa próis – ficsean nó aiste –  gan dul thar 5 leathanach) a bhaineann le gné éigin den dinnseanchas a sheoladh chuig moccic22@outlook.com ROIMH an 5 Bealtaine 2021.
  Ceardlanna scríbhneoireachta