Léachtaí Cholm Cille 2022

Friday, September 9, 2022 - 18:00 to Saturday, September 10, 2022 - 18:00
Foirgneamh an Iontais (ar an gCampas Thuaidh)

Léachtaí Cholm Cille: Léann Feimineach agus Inscne na Gaeilge 09-10 Meán Fómhair 2022

Á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge agus ag Scéim Miondeontas Cholmcille

Tá beagán os cionn 40 bliain ann ó cuireadh Léachtaí Cholm Cille XII: Na Mná sa Litríocht (Ó Fiannachta, eag.) i gcló, saothar lenar bhain ceannródaíocht ar leith agus a chuaigh go mór i bhfeidhm ar ghluaiseacht fheimineach na Gaeilge. Mar cheiliúradh agus mar chomóradh ar an éacht san, is ar Léann Feimineach agus Inscne na Gaeilge a bheidh comhdháil na bliana seo ag díriú, le súil go ndéanfar an smaointeoireacht fheimineach agus teoiricí na hinscne agus na haiteachta a athnuachaint agus a spreagadh sa Ghaeilge an athuair. Beidh aoichainteoirí den scoth linn ó Éirinn, ón Eoraip, agus ó Albain, chomh maith le healaíontóirí cruthaitheacha den scoth a thabharfaidh freagraí trí mheán na healaíne féin ar cheisteanna móra na hinscne agus an fheimineachais. Déanfar iniúchadh, athshamhlú, agus athmhachnamh ar léann feimineach agus inscne na Gaeilge ag Léachtaí Cholm Cille 2022 tríd an éagsúlacht smaointeoireachta a fháiscfear as allagar bríomhar an chomhluadair. Bígí linn agus fáilte roimh chách.

Clárú ar líne: Clár sealadach na comhdhála: https://forms.office.com/r/mNJKTEGNA7
 
  Clár Léachtaí Cholm Cille 2022
Aoichainteoirí: Daniela Theinová, Virginia Blankenhorn, Tríona Ní Shíocháin, Síle de Cléir, Deborah Hayden, Emma Nic Cárthaigh, Kevin Murray, Annie McLeod Hill, Michelle O Riordan, Máirín Nic Eoin, Stiofán Ó Briain, Seán Mac Risteáird, Lillis Ó Laoire, Caitlín Nic Íomhair, Máire Ní Annracháin

Ealaíontóirí: Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Síle Denvir, Nada Ní Chuirrín, Criostóir Ó Loingsigh, Sam Ó Fearraigh, Máire Ní Chéileachair, Tríona Ní Shíocháin, Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin.
Stiúrthóirí: Tríona Ní Shíocháin agus Máire Ní Annracháin

 

Digital Arts & Humanities