Taighe Dána: Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge, Tionól Fíorúil Dhá Lá 08-09 Deireadh Fómhair

Tuesday, September 14, 2021 - 14:15

Beidh tionól fíorúil dhá lá á reachtáil againn 08-09 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal Taighde Dána: Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge.
 
Is tionól é seo a dhíreoidh ar an gcleachtas cruthaitheach agus ar an machnamh teoiriciúil in aonacht. Tabharfar idir ealaíontóirí agus scoláirí le chéile don dtionól, agus déanfar plé ann ar ghnéithe éagsúla den chruthaitheacht agus den bhéalaireacht. Déanfar trácht ar leith ar an dtaighde ealaíonta, ina nasctar an gníomh cruthaitheach agus an smaointeoireacht féin go dlúth ar a chéile. Cuirfear meascán de chainteanna agus de cheardlanna ar fáil, agus leagfar béim go speisialta ar an eolas ar leith a eascraíonn as an gcleachtas cruthaitheach féin. Cuirfidh scoláirí, ealaíontóirí, múinteoirí, agus pobal na Gaeilge i gcoitinne suim mhór in imeachtaí an tionóil agus fáilteofar roimh chách. Reachtálfar an tionól ar líne trí mheán Zoom i 2021. Tá an tionól so á rith le tacaíocht mhaoinithe ón bhFóram Náisiúnta um Fheabhsú Teagaisc agus Foghlama san Ardoideachas (National Forum for the Enhancement of Teaching and Learning in Higher Education). 
 
Tá saorchead isteach go dtí aon cheann des na himeachtaí, ach is gá clárú roimré ag nua.ghaeilge@mu.ie. Tá na spásanna dos na ceardlanna teoranta, agus mar sin ní mór clárú dóibh sin a luaithe agus is féidir. 

Taighde Dána: Clár Imeachtaí

Dé hAoine 08 Deireadh Fómhair
09.15 Oscailt Oifigiúil:
Máirín Nic Dhonnchadha, Leas-stiúrthóir an Oireachtais
 
09.30 Seisiún 1: An Taighde Ealaíonta sa Ghaeilge
An tOllamh Tríona Ní Shíocháin
Cathaoirleach: an tOllamh Fionntán de Brún
 
10.30 Briseadh Beag
 
11.00 Seisiún 2: Ceist na hInscne sa Traidisiún Béil
An Dr. Síle de Cléir
An tOllamh Máire Ní Annracháin
An tOllamh Lillis Ó Laoire
Cathaoirleach: An tOllamh Tríona Ní Shíocháin
 
12.30 Briseadh lóin
 
13.30 Ceardlann sa Chleachtas Cruthaitheach 1: Próiseas Cruthaitheach na hAmharclannaíochta
Darach Ó Tuairisg
 
14.30/15.00 Briseadh Beag
 
16.00 Ceardlann sa Chleachtas Cruthaitheach 2: Ceol agus Damhsa
Caitlín Nic Gabhann
 
17.30 Briseadh
 
19.30: Ócáid istoíche: Comhráití Cleachtais agus Taispeántais
Darach Ó Tuairisg, Caitríona Ní Cheannabháin, agus Caitlín Nic Gabhann
Bean an tí: Tríona Ní Shíocháin
 
Dé Sathairn 09 Deireadh Fómhair
9.30 Seisiún 3: Teoiricí an Taibhléirithe
An tOllamh Tríona Ní Shíocháin
An tOllamh Lillis Ó Laoire
An tUasal Sam Ó Fearraigh
Cathaoirleach: An Dr. Steve Coleman
 
11.00 Briseadh Beag
 
11.30 Ceardlann sa Chleachtas Cruthaitheach 3:
Amhránaíocht ar an sean-nós le Caitríona Ní Cheannabháin
 
13.00 Briseadh lóin
 
14.00 Seisiún 4: Ionchollú na Cruthaitheachta: an Damhsa agus an Ceol
Nada Ní Chuirrín
Tríona Ní Shíocháin
Cathaoirleach: le socrú
 
15.00 Briseadh Beag
 
16.00 Taighde Dána: Conclúidí, Forbairtí, agus Plé
Rachel Holstead (Ealaín na Gaeltachta)
Máirín Nic Dhonnchadha (Oireachtas na Gaeilge)
Tríona Ní Shíocháin (Ollscoil Mhá Nuad)
 
17.00 Críoch