Seisiún Eolais fén MA Nua-Ghaeilge Dé Máirt 07 Márta 2023

Tuesday, March 7, 2023 - 15:30 to 16:00
TSI043 i bhFoirgneamh TSI
A chairde,
 
Beidh seisiún eolais ar an MA Nua-Ghaeilge ar siúl ag Lá Oscailte Iarchéime Ollscoil Mhá Nuad Dé Máirt seo chugainn an 07 Márta 2023 óna 3.35pm go dtína 4pm i TSI043 i bhFoirgneamh TSI.
 
Beidh na fáiltí geala romhaibh a bheith linn!
 
Beidh seastán againn sa bhfáiltiú i bhFoirgneamh TSI chomh maith óna 3pm go dtína 7pm, más mian le héinne agaibh bualadh isteach chúinn le ceisteanna.
 
Sa chás nach bhfuil tú ar fáil ag na hamanta thuas ach go bhfuil suim agat san MA Nua-Ghaeilge, is féidir i gcónaí dul i dteagmháil liom ag triona.nishiochain@mu.ie nó coinne a dhéanamh liom má bhíonn aon cheisteanna agat nó más mian leat an cúrsa a phlé.